BUNREACHT NA hÉIREANN

Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás agus gur chuici, ós í is críoch dheireanach dúinn, is dírithe ní amháin gníomhartha daoine ach gníomhartha Stát,

Ar mbeith dúinne, muintir na hÉireann, ag admháil go huiríseal a mhéid atáimid faoi chomaoin ag Íosa Críost, ár dTiarna Dia, a thug comhfhurtacht dár sinsir i ngach cruatan ina rabhadar ar feadh na gcéadta bliain,

Agus ar mbeith dúinn ag cuimhneamh go buíoch ar a chalmacht a rinneadarsan troid gan staonadh chun an neamhspleáchas is dual dár Náisiún a bhaint amach,

Agus ar mbeith dúinn á chur romhainn an mhaitheas phoiblí a chur ar aghaidh maille le Críonnacht agus le hIonracas agus le Carthanacht de réir mar is cuí, ionas go dtiocfaidh linn a uaisleacht agus a shaoirse a chur in áirithe do gach aon duine, saol ceart comhdhaonnach a bhunú, aiseag a haontachta a thabhairt dár dtír, agus comhcharadra a dhéanamh le náisiúin eile,

Atáimid leis seo ag gabháil an Bhunreachta seo chugainn, agus á achtú agus á thíolacadh dúinn féin.

AN NÁISIÚN

Airteagal 1

Deimhníonn náisiún na hÉireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál Rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh, agus chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear.

Airteagal 2

Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal, agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann. Tá an teideal sin freisin ag na daoine go leir atá cáilithe ar shlí eile de réir dlí chun bheith ina saoránaigh d'Éirinn. Ina theannta sin, is mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann.

Airteagal 3

  1. Is í toil dhiongbháilte náisiún na hÉireann, go sítheach cairdiúil, na daoine go léir a chomhroinneann críoch oileán na hÉireann i bpáirt lena chéile, in éagsúlacht uile a bhféiniúlachtaí agus a dtraidisiún, a aontú, á aithint gur trí mhodhanna síochánta amháin le toiliú thromlach na ndaoine, á chur in iúl go daonlathach, sa dá dhlínse san oileán, a dhéanfar Éire aontaithe a thabhairt i gcrích. Go dtí sin, bainfidh na dlíthe a achtófar ag an bParlaimint a bhunaítear leis an mBunreacht seo leis an limistéar feidhme céanna, agus beidh an raon feidhe céanna acu, lenar bhain na dlíthe, agus a bhí ag na dlíthe, a d'actaigh an Pharlaimint a bhí ar mharthain díreach roimh theacht i gníomh don Bhunreacht seo.
     
  2. Féadfaidh údaráis fhreagracha faoi seach na ndlínsí sin institiúidí ag a mbeidh cumhachtaí agus feidhmeanna feidhmiúcháin a chomhroinntear idir na dlínsí sin a bhunú chun críoch sonraithe agus féadfaidh na hinstitiúidí sin cumhachtaí agus feidhmeanna a fheidhmiú i leith an oileáin ar fad nó i leith aon chuid de.

AN STÁT

Airteagal 4

Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.

Airteagal 5

Is Stát ceannasach, neamhspleách, daonlathach Éire.

Airteagal 6

  1. Is ón bpobal, faoi Dhia, a thagas gach cumhacht riala, idir reachtaíocht is comhallacht is breithiúnas, agus is ag an bpobal atá sé de cheart rialtóirí an Stáit a cheapadh, agus is faoin bpobal faoi dheoidh atá gach ceist i dtaobh beartas an Náisiúin a shocrú de réir mar is gá chun leasa an phobail.
  2. Is leis na horgain Stáit a chuirtear ar bun leis an mBunreacht seo, agus leo sin amháin nó lena n-údarás, is féidir na cumhachtaí riala sin a oibriú.

Airteagal 7

An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.

Airteagal 8

  1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
  2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
  3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

Airteagal 9

  1. 1° Ar theacht i ngníomh don Bhunreacht seo is saoránach d'Éirinn aon duine ba shaoránach de Shaorstát Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht seo.2° Is de réir dlí a chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht Éireann feasta. 3° Ní cead náisiúntacht agus saoránacht Éireann a cheilt ar dhuine ar bith toisc gur fireann nó toisc gur baineann an duine sin.
  2. 1° D’ainneoin aon fhorála eile den Bhunreacht seo, maidir le duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, agus nach bhfuil aige nó aici, an tráth a shaolaítear an duine sin, tuismitheoir amháin ar a laghad is saoránach d’Éirinn nó atá i dteideal a bheith ina shaoránach nó ina saoránach d’Éirinn, níl teideal ag an duine sin chun saoránacht nó náisiúntacht Éireann, mura ndéanfar socrú ina chomhair sin le dlí.2° Ní bhainfidh an t-alt seo le daoine a saolaíodh roimh dháta achtaithe an ailt seo.
  3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.

Airteagal 10

1. Gach ábhar maoine nádúrtha, mar aon leis an aer agus gach ábhar fuinnimh, dá bhfuil faoi dhlínse na Parlaiminte agus an Rialtais a bhunaítear leis an mBunreacht seo, maille le gach ríchíos agus díolúine dá bhfuil faoin dlínse sin, is leis an Stát iad uile, gan dochar do cibé eastáit agus leasanna is le haon duine nó le haon dream go dleathach in alt na huaire.

2. Gach talamh agus gach mianach, mianra, agus uisce ba le Saorstát Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht seo is leis an Stát iad uile sa mhéid go mba le Saorstát Éireann an uair sin iad.

3. Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun bainistí a dhéanamh ar an maoin is leis an Stát de bhua an Airteagail seo, agus chun sannadh buan nó sannadh sealadach na maoine sin a rialú.

4. Féadfar socrú a dhéanamh le dlí, fairis sin, chun bainistí a dhéanamh ar thalamh, ar mhianaigh, ar mhianraí agus ar uiscí a thiocfas i seilbh an Stáit d'éis teacht i ngníomh don Bhunreacht seo, agus chun sannadh buan nó sannadh sealadach na talún, na mianach, na mianraí agus na n-uiscí a thiocfas ina sheilbh amhlaidh a rialú.

Airteagal 11

Ní foláir cíos uile an Stáit cibé bunadh atá leis, ach amháin an chuid sin de ar a ndéantar eisceacht le dlí, a chur in aon chiste amháin agus é a leithghabháil chun na gcríocha agus ar an modh, a chinntear le dlí agus faoi chuimsiú na muirear agus na bhféichiúnas a ghearrtar le dlí.

An tUachtarán

Airteagal 12

  1. Beidh Uachtarán ar Éirinn (.i. Uachtarán na hÉireann), ar a dtugtar an tUachtarán sa Bhunreacht seo feasta; beidh tosach aige ar gach uile dhuine sa Stát, agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh. 
  2. 1° Le vóta lomdíreach an phobail a thoghfar an tUachtarán. 2° Gach saoránach ag a bhfuil ceart vótála i dtoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann, beidh ceart vótála aige i dtoghchán don Uachtarán. 3° Is le rúnbhallóid agus de réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a dhéanfar an vótáil.  
     
  3. 1° Beidh an tUachtarán i seilbh oifige go ceann seacht mbliana ón lá a rachaidh i gcúram a oifige mura dtarlaí roimh dheireadh an téarma sin go n-éagfaidh nó go n-éireoidh as oifig nó go gcuirfear as oifig é, nó go ngabhfaidh míthreoir bhuan é agus go suífear sin go sásamh na Cúirte Uachtaraí agus í comhdhéanta de chúigear breitheamh ar a laghad.2° Duine atá nó a bhí ina Uachtarán, is intofa chun na hoifige sin é aon uair amháin eile, ach sin a mbeidh.3° Ní foláir toghchán d'oifig an Uachtaráin a dhéanamh lá nach déanaí ná dáta dheireadh théarma oifige gach Uachtaráin ar leith agus nach luaithe ná an seascadú lá roimh an dáta sin, ach má chuirtear an tUachtarán as oifig, nó má tharlaíonn dó (roimh é a dhul i gcúram a oifige nó dá éis sin) é d'éag nó é d'éirí as nó míthreoir bhuan arna suíomh mar a dúradh dá ghabháil, ní foláir toghchán d'oifig an Uachtaráin a dhéanamh taobh istigh de sheasca lá tar éis an ní sin a tharlú.
  4. 1° Gach saoránach ag a bhfuil cúig bliana tríochad slán, is intofa chun oifig an Uachtaráin é.2° Gach iarrthóir d'oifig an Uachtaráin, seachas duine atá nó a bhí ina Uachtarán cheana, is uathu seo a leanas nach foláir a ainmniú a theacht:

    i. fiche duine ar a laghad agus gach duine faoi leith díobh sin ina chomhalta, in alt na huaire, de Theach de Thithe an Oireachtais,

    ii. Comhairlí ceithre Chontae riaracháin ar a laghad (agus Contae-Bhuirgí a áireamh) mar a mhínítear le dlí.

    3° Ní cead d'aon duine ná d'aon Chomhairle díobh sin bheith páirteach in ainmniú breis is aon iarrthóir amháin d'oifig an Uachtaráin san aon-toghchán.4° Tig le haon duine atá nó a bhí ina Uachtarán é féin a ainmniú d'oifig an Uachtaráin.5° Nuair nach n-ainmnítear d'oifig an Uachtaráin ach aon iarrthóir amháin, ní gá vótáil chun é a thoghadh.
     
  5. Faoi chuimsiú forálacha an Airteagail seo is le dlí a rialófar toghcháin d'oifig an Uachtaráin.  
  6. 1° Ní cead an tUachtarán a bheith ina chomhalta de Dháil Éireann ná de Sheanad ireann.2° Má thoghtar comhalta de cheachtar de Thithe an Oireachtais chun bheith ina Uachtarán, ní foláir a mheas go bhfuil scartha aige le comhaltas an Tí sin.3° Ní cead don Uachtarán aon oifig ná post sochair a bheith aige seachas a oifig Uachtaráin.

     

  7. Ní foláir don chéad Uachtarán dul i gcúram a oifige chomh luath agus is féidir é tar éis é a thoghadh, agus ní foláir do gach Uachtarán dá éis sin dul i gcúram a oifige an lá i ndiaidh deireadh théarma oifige a réamhtheachtaí nó chomh luath agus is féidir é dá éis sin nó, má tharlaíonn dá réamh-theachtaí go gcuirfear as oifig é nó go n-éagfaidh nó go n-éireoidh as oifig nó neachtar acu go ngabhfaidh míthreoir bhuan é agus go suífear sin mar a shocraítear le halt 3 den Airteagal seo, chomh luath agus is féidir é tar éis an toghcháin.
     
  8. Is é slí a rachaidh an tUachtarán i gcúram a oifige ná leis an dearbhú seo a leanas a dhéanamh go poiblí agus a lámh a chur leis i bhfianaise chomhaltaí den dá Theach den Oireachtas, agus breithiúna den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt agus maithe poiblí eile:

    "I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, , á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta is go fírinneach bheith i mo thaca agus i mo dhídin do Bhunreacht Éireann, agus a dlíthe a chaomhnú, mo dhualgais a chomhlíonadh go dílis coinsiasach de réir an Bhunreacht is an dlí, agus mo lándícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdach."

  9. Ní cead don Uachtarán imeacht ón Stát le linn é a bheith in oifig, ach amháin le toil an Rialtais. 
  10. 1° Féadfar an tUachtarán a tháinseamh as ucht mí-iompair a luafar.2° Ceachtar de Thithe an Oireachtais a dhéanfas an cúiseamh agus is faoi chuimsiú agus de réir forálacha an ailt seo a dhéanfar é.3° Má thairgtear do cheachtar de Thithe an Oireachtais cúis a thabhairt in aghaidh an Uachtaráin faoin alt seo ní cead aird a thabhairt ar an tairiscint sin ach amháin de bharr fógra tairisceana i scríbhinn faoi láimh tríocha comhalta ar a laghad den Teach sin.4° Ní cead do cheachtar de Thithe an Oireachtais glacadh le haon tairiscint den sórt sin ach amháin de bharr rúin ón Teach sin lena mbeidh tacaíocht dhá thrian ar a laghad dá lánchomhaltas.5° Má dhéanann ceachtar de Thithe an Oireachtais cúiseamh faoin alt seo ní foláir don Teach eile an chúis a scrúdú nó an chúis a chur á scrúdú.6° Beidh de cheart ag an Uachtarán bheith i láthair agus lucht tagartha a bheith aige ar an scrúdú sin.7° Más é toradh an scrúdaithe sin go rithfear rún, le tacaíocht dhá thrian ar a laghad de lánchomhaltas an Tí den Oireachtas a scrúdaigh an chúis nó a chuir an chúis á scrúdú, á dhearbhú gur suíodh an chúis a tugadh in aghaidh an Uachtaráin agus, an mí-iompar ba shiocair don chúiseamh, gur mí-iompar é a bhfuil an tUachtarán neamhoiriúnach dá dheasca chun fanacht i seilbh oifige, is é is feidhm don rún sin an tUachtarán a chur as oifig. 
  11. 1° Beidh stát-áras ag an Uachtarán i gcathair Bhaile átha Cliath nó ar a cóngar.2° Gheobhaidh an tUachtarán sochair agus liúntais faoi mar a chinnfear le dlí.3° Ní cead laghdú a dhéanamh ar shochair ná ar liúntais an Uachtaráin le linn é a bheith in oifig.

Airteagal 13

  1. 1° Ceapfaidh an tUachtarán an Taoiseach .i. an Ceann Rialtais nó an Príomh-Aire, arna ainmniú sin ag Dáil Éireann.

    2° Arna n-ainmniú ag an Taoiseach le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, ceapfaidh an tUachtarán na comhaltaí eile den Rialtas.

    3° Ar chomhairle an Taoisigh ní foláir don Uachtarán glacadh le haon chomhalta den Rialtas d'éirí as oifig, nó comhalta ar bith den Rialtas a chur as oifig.

  2. 1° Is é an tUachtarán, ar chomhairle an Taoisigh, a chomórfas agus a lánscoirfeas Dáil Éireann.

    2° Tig leis an Uachtarán, as a chomhairle féin, diúltú do Dháil Éireann a lánscor ar chomhairle Taoisigh nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.

    3° Tig leis an Uachtarán uair ar bith, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, ceachtar de Thithe an Oireachtais, nó iad araon, a chomóradh.

  3. 1° Gach Bille a ritear nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais ní foláir lámh an Uachtaráin a bheith leis chun é a achtú ina dhlí.

    2° Gach dlí dá ndéanfaidh an tOireachtas ní foláir don Uachtarán é a fhógairt.

     

  4. Leis seo cuirtear na Fórsaí Cosanta faoi ardcheannas an Uachtaráin. 
  5. 1° An t-ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta is le dlí a rialófar an modh ar a n-oibreofar é.

    2° Is ón Uachtarán a bheidh a ghairm ag gach oifigeach gairme de na Fórsaí Cosanta.

     

  6. Bheirtear don Uachtarán leis seo ceart maithiúnais, agus cumhacht chun maolaithe nó loghtha pionóis a ghearrtar ar dhaoine in aon chúirt dlínse coire, ach féadfar an chumhacht maolaithe nó loghtha sin a thabhairt le dlí d'údaráis eile freisin. 
  7. 1° Tig leis an Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, teachtaireacht nó aitheasc a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais i dtaobh aon ní a bhfuil tábhacht náisiúnta nó tábhacht phoiblí ann.

    2° Tig leis an Uachtarán uair ar bith, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, aitheasc a chur faoi bhráid an Náisiúin i dtaobh aon ní den sórt sin.

    3° Ach i ngach cás díobh sin ní foláir an Rialtas a bheith sásta roimh ré leis an teachtaireacht nó leis an aitheasc.

     

  8. 1° Níl an tUachtarán freagrach d'aon Teach den Oireachtas ná d'aon chúirt in oibriú is i gcomhlíonadh cumhachtaí is feidhmeanna a oifige ná in aon ghníomh dá ndéanann sé nó a bheireann le tuiscint gur gníomh é a dhéanann sé in oibriú agus i gcomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna sin.

    2° Ach féadfar iompar an Uachtaráin a chur faoi léirmheas i gceachtar de Thithe an Oireachtais chun críocha alt 10 d'Airteagal 12 den Bhunreacht seo, nó ag aon chúirt, binse nó comhlacht a cheapfar nó a ainmneofar ag ceachtar de Thithe an Oireachtais chun cúis faoi alt 10 den Airteagal sin a scrúdú.

     

  9. Taobh amuigh de chás dá socraítear leis an mBunreacht seo go ngníomhóidh an tUachtarán as a chomhairle féin, nó tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, nó go ngníomhóidh sé i dtaobh ní a bhaineas leis an gComhairle Stáit, nó ar chomhairle nó ainmniú aon duine nó aon dreama eile, nó ar aon scéala eile a fháil ó aon duine nó aon dream eile, is ar chomhairle an Rialtais amháin is cead don Uachtarán na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear dó leis an mBunreacht seo a oibriú is a chomhlíonadh. 
  10. Faoi chuimsiú an Bhunreachta seo féadfar tuilleadh cumhachtaí agus feidhmeanna a thabhairt don Uachtarán le dlí. 
  11. Ní cead don Uachtarán aon chumhacht ná feidhm dá mbronntar air le dlí a oibriú ná a chomhlíonadh ach amháin ar chomhairle an Rialtais.

Airteagal 14

  1. Má bhíonn an tUachtarán as láthair nó má bhíonn ar míthreoir go sealadach, nó má bhíonn ar míthreoir go buan agus go suífear sin mar a shocraítear le halt 3 d'Airteagal 12 den Bhunreacht seo, nó má tharlaíonn é d'éag nó é d'éirí as oifig nó é a chur as oifig, nó má theipeann air cumhachtaí is feidhmeanna a oifige nó aon cheann díobh a oibriú is a chomhlíonadh, nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh, is Coimisiún a bheas comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 den Airteagal seo a oibreos is a chomhlíonfas nacumhachtaí is na feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán leis an mBunreacht seo nó faoi. 
  2. 1° Is iad na daoine seo a leanas an Coimisiún, .i. an Príomh-Bhreitheamh, Cathaoirleach Dháil Éireann (An Ceann Comhairle) agus Cathaoirleach Sheanad Éireann.

    2° Gníomhóidh Uachtarán na hArd-Chúirte ina chomhalta den Choimisiún in ionad an Phríomh-Bhreithimh aon uair a bheas oifig an Phríomh-Bhreithimh folamh nó a bheas an Príomh-Bhreitheamh gan bheith i gcumas gníomhaithe.

    3° Gníomhóidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann ina chomhalta den Choimisiún in ionad Chathaoirleach Dháil Éireann aon uair a bheas oifig Chathaoirleach Dháil Éireann folamh nó a bheas an Cathaoirleach sin gan bheith i gcumas gníomhaithe.

    4° Gníomhóidh Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann ina chomhalta den Choimisiún in ionad Chathaoirleach Sheanad Éireann aon uair a bheas oifig Chathaoirleach Sheanad Éireann folamh nó a bheas an Cathaoirleach sin gan bheith i gcumas gníomhaithe.

     

  3. Is dleathach don Choimisiún gníomhú trí bheirt ar bith dá líon agus gníomhú d'ainneoin folúntais ina gcomhaltas. 
  4. Féadfaidh an Chomhairle Stáit, le tromlach dá gcomhaltaí, cibé socrú is oircheas leo a dhéanamh chun na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán leis an mBunreacht seo nó faoi a oibriú is a chomhlíonadh in aon chás nach ndéantar socrú ina chomhair leis na forálacha sin romhainn den Airteagal seo. 
  5. 1° Na forálacha den Bhunreacht seo a bhaineas leis an Uachtarán d'oibriú is do chomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna a bhronntar air leis an mBunreacht seo nó faoi bainfid, faoi chuimsiú na bhforálacha inár ndiaidh den alt seo, le hoibriú is le comhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna sin faoin Airteagal seo.

    2° Má theipeann ar an Uachtarán aon chumhacht nó feidhm a oibriú nó a chomhlíonadh nach foláir dó, de réir an Bhunreachta seo nó faoi, í a oibriú nó a chomhlíonadh faoi cheann aimsire a luaitear, ní foláir í a oibriú nó a chomhlíonadh faoin Airteagal seo chomh luath agus is féidir é tar éis na haimsire a luaitear amhlaidh.

AN PHARLAIMINT NáISIÚNTA

Comhdhéanamh agus Cumhachtaí

Airteagal 15

  1. 1° An tOireachtas is ainm don Pharlaimint Náisiúnta, agus sin é a bheirtear uirthi de ghnáth sa Bhunreacht seo.

    2° An tUachtarán agus dhá Theach atá san Oireachtas: Teach Ionadóirí ar a dtugtar Dáil Éireann, agus Seanad ar a dtugtar Seanad Éireann.

    3° Is i gcathair Bhaile átha Cliath nó ar a cóngar, nó cibé áit eile ar a gcinnfid ó am go ham, a shuífid Tithe an Oireachtais.

     

  2. 1° Bheirtear don Oireachtas amháin leis seo an t-aon chumhacht chun dlíthe a dhéanamh don Stát; níl cumhacht ag údarás reachtaíochta ar bith eile chun dlíthe a dhéanamh don Stát.

    2° Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun fo-reachtais a chur ar bun nó chun glactha leo, agus chun cumhachtaí agus feidhmeanna na bhfo-reachtas sin a leagan amach.

     

  3. 1° Tig leis an Oireachtas socrú a dhéanamh chun comhairlí feidhmeannais is gairme beatha, a ionadaíos ranna de shaol chomhdhaonnach agus de shaol gheilleagrach an phobail, a chur ar bun nó glacadh leo.

    2° Dlí ar bith lena gcuirtear comhairle den sórt sin ar bun nó faoina nglactar léi ní foláir léiriú a bheith ann ar chearta, ar chumhachtaí agus ar dhualgais na comhairle sin, agus fós ar a comhbhaint leis an Oireachtas agus leis an Rialtas.

     

  4. 1° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú a bheadh ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo.

    2° I gcás aon dlí dá n-achtóidh an tOireachtas a bheith ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo beidh sé gan bhail sa mhéid go mbeidh sé in aghaidh an Bhunreachta seo agus sa mhéid sin amháin.

     

  5. 1° Ní cead don Oireachtas a rá gur sárú dlí gníomhartha nár shárú dlí iad le linn a ndéanta.

    2° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú lena ndéanfar socrú chun pionós an bháis a ghearradh.

     
  6. 1° Is ag an Oireachtas amháin atá de cheart fórsaí míleata nó fórsaí armtha a bhunú agus a chothabháil.

    2° Ní dleathach fórsa míleata ná fórsa armtha ar bith, seachas fórsa míleata nó fórsa armtha a bhunaítear agus a chothabháiltear ag an Oireachtas, a bhunú ná a chothabháil chun críche ar bith.

     

  7. Ní foláir don Oireachtas suí uair sa bhliain ar a laghad.

     

  8. 1° Is go poiblí a shuífidh gach Teach den Oireachtas.

    2° Ach i gcás práinn speisialta a bheith ann, tig le ceachtar den dá Theach suí go príobháideach ach dhá thrian de na comhaltaí a bheas i láthair do thoiliú leis.

     

  9. 1° Toghfaidh gach Teach ar leith den Oireachtas a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach féin as a chomhaltas féin, agus leagfaidh amach dóibh a gcumhachtaí agus a ndualgais.2° Is le dlí a chinnfear tuarastal Chathaoirleach is Leas-Chathaoirleach gach Tí ar leith. 
  10. Déanfaidh gach Teach ar leith a rialacha agus a bhuan-orduithe féin, agus beidh sé de chumhacht ag gach Teach acu pionós a cheapadh do lucht a sáraithe sin; beidh sé de chumhacht aige fairis sin saoirse aighnis a chur in áirithe, agus a scríbhinní oifigiúla féin agus páipéir phríobháideacha a chomhaltaí a dhídean, agus fós é féin agus a chomhaltaí a dhídean ar aon duine nó ar aon dream daoine a dhéanfadh cur isteach nó toirmeasc ar a chomhaltaí nó a dhéanfadh iarracht ar iad a éilliú agus iad ag déanamh a ndualgas. 
  11. 1° Taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an mBunreacht seo is é slí a dtabharfar breith ar gach ceist i ngach Teach ar leith ná le formhór vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a dhéanfas vótáil ach gan an Cathaoirleach nó an comhalta a bheas i gceannas a áireamh.

    2° Más ionann líon na vótaí ar an dá thaobh beidh ag an gCathaoirleach, nó ag an gcomhalta a bheas i gceannas, vóta cinniúna nach foláir dó a thabhairt.

    3° Is lena bhuan-orduithe a chinnfear cén méid comhalta a bheas riachtanach do thionól de cheachtar den dá Theach chun é a bheith i gcumas feidhme.

     

  12. Gach tuarascáil agus foilseachán oifigiúil ón Oireachtas agus ó gach Teach de, maille le caint ar bith dá ndéantar in aon Teach díobh, táid saor ar chúrsaí dlí cibé áit a bhfoilsítear.

     

  13. Tá comhaltaí gach Tí den Oireachtas saor ar ghabháil le linn bheith i dtearmann ceachtar den dá Theach nó ag teacht chuige nó ag imeacht uaidh, ach amháin i gcás tréasa, mar a mhínítear sa Bhunreacht seo é, nó i gcás feileonachta nó briseadh síochána agus cibé caint a dhéanfaidh comhalta in aon Teach díobh ní inchúisithe é mar gheall uirthi in aon chúirt ná ag údarás ar bith ach amháin an Teach féin.

     

  14. Ní cead d'aon duine bheith ina chomhalta de dhá Theach an Oireachtais san am chéanna, agus aon duine a bheas ina chomhalta de Theach díobh agus go ndéanfar comhalta den Teach eile de, ní foláir a mheas láithreach go bhfuil éirithe aige as an gcéad ionad.

     

  15. Tig leis an Oireachtas socrú a dhéanamh le dlí chun liúntais a íoc le comhaltaí gach Tí de as ucht a ndualgas i gcáil ionadóirí poiblí, agus chun go ndeonfaí dóibh, maidir lena ndualgais, saoráid chun taisteal in aisce agus cibé saoráid eile a chinnfidh an tOireachtas, má chinneann.

Dáil Éireann

Airteagal 16

  1. 1° Gach saoránach, cibé acu fear nó bean, ag a bhfuil bliain agus fiche slán agus nach gcuirtear faoi mhíchumas nó faoi mhíthreoir leis an mBunreacht seo ná le dlí, tá sé intofa ar chomhaltas Dháil Éireann.

    2° i Gach uile shaoránach, agus

    ii cibé daoine eile sa Stát a cinnfear le dlí,

    cibé acu fir nó mná, ag a bhfuil ocht mbliana déag slán agus ná cuirtear faoi dhícháilíocht le dlí, agus a chomhlíonann coinníollacha an dlí i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.

    3° Ní cead aon dlí a achtú a chuirfeadh saoránach ar bith, toisc gur fear nó toisc gur bean an saoránach sin, faoi mhíchumas nó faoi mhíthreoir maidir lena bheith ina chomhalta de Dháil Éireann nó a dhícháileodh saoránach ar bith nó duine ar bith eile, ar an bhforas céanna sin, ó bheith i dteideal vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.

    4° Ní cead do thoghthóir ar bith thar aon vóta amháin a thabhairt i dtoghchán do Dháil Éireann, agus is le rúnbhallóid a dhéanfar an vótáil.

     

  2. 1° Ionadóirí do dháilcheantair a shocraítear le dlí comhaltas Dháil Éireann.

    2° Socrófar líon comhaltaí Dháil Éireann le dlí ó am go ham ach ní cead a lánlíon a bheith faoi bhun comhalta in aghaidh gach tríocha míle den daonra, ná os cionn comhalta in aghaidh gach fiche míle den daonra.

    3° An chomhréir a bheas idir an líon comhaltaí a bheas le toghadh aon tráth le haghaidh gach dáilcheantair ar leith agus daonra gach dáilcheantair ar leith, de réir an daonáirimh is déanaí dá ndearnadh roimhe sin, ní foláir í a bheith ar cothrom, sa mhéid gur féidir é, ar fud na dúiche uile.

    4° Ní foláir don Oireachtas na dáilcheantair a athmheas uair ar a laghad sa dá bhliain déag ag féachaint go cuí d'aon athruithe ar shuíomh an daonra; ach athruithe ar bith dá ndéanfar ar na dáilcheantair ní thiocfaid i bhfeidhm i rith ré na Dála a bheas ina suí le linn an athmheasta sin.

    5° Is de réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thoghfar na comhaltaí.

    6° Ní cead dlí a achtú a bhéarfadh faoi bhun triúir an líon comhaltaí a bheas le toghadh d'aon dáilcheantar.

     

  3. 1° Ní foláir Dáil Éireann a chomóradh agus a lánscor mar a shocraítear le halt 2 d'Airteagal 13 den Bhunreacht seo.

    2° Ní foláir olltoghchán do chomhaltaí do Dháil Éireann a bheith ann lá nach déanaí ná tríocha lá tar éis Dáil Éireann a lánscor.

     

  4. 1° An vótáil do gach olltoghchán ar leith do Dháil Éireann ní foláir í a dhéanamh, sa mhéid gur féidir é, an t-aon lá amháin ar fud na dúiche uile.

    2° Ní foláir do Dháil Éireann teacht le chéile taobh istigh de thríocha lá ón lá vótála sin.

     

  5. Ní bheidh de ré ag aon Dáil Éireann ach seacht mbliana ó lá a céad-tionóil: féadfar ré is giorra ná sin a shocrú le dlí.

     

  6. An comhalta de Dháil Éireann a bheas ina Chathaoirleach díreach roimh lánscor do Dháil Éireann ní foláir socrú a dhéanamh le dlí chun go bhféadfar a mheas an comhalta sin a bheith tofa do Dháil Éireann sa chéad olltoghchán eile, gan é a dhul faoi thoghadh.

     

  7. Faoi chuimsiú na bhforálacha sin romhainn den Airteagal seo is de réir dlí a rialófar toghcháin do chomhaltas Dháil Éireann, mar aon le líonadh corrfholúntas.

Airteagal 17

  1. 1° Chomh luath agus is féidir é tar éis na Meastacháin ar fháltas an Stáit agus na Meastacháin ar chaitheamh airgid an Stáit i gcomhair aon bhliana airgeadais a chur faoi bhráid Dháil Éireann faoi Airteagal 28 den Bhunreacht seo, ní foláir do Dháil Éireann na Meastacháin sin a bhreithniú.

    2° An reachtaíocht a bheas riachtanach chun feidhm dlí a thabhairt do Rúin Airgeadais gach bliana ar leith ní foláir í a achtú an bhliain sin féin ach amháin sa mhéid go mbeidh a mhalairt socair i dtaobh gach cás ar leith in achtachán chuige sin.

     

  2. Ní dleathach do Dháil Éireann vóta ná rún a rith, ná ní dleathach aon dlí a achtú, chun leithghabháil a dhéanamh ar státchíos ná ar airgead poiblí ar bith eile, mura mbeidh teachtaireacht ag Dáil Éireann ón Rialtas faoi láimh an Taoisigh ag moladh críche na leithghabhála dóibh.

Seanad Éireann

Airteagal 18

  1. Seasca comhalta líon Sheanad Éireann, .i. aon duine dhéag a ainmneofar agus naonúr is daichead a thoghfar.

     

  2. Ionas go mbeadh duine inghlactha ar chomhaltas Sheanad Éireann ní foláir é a bheith inghlactha ar chomhaltas Dháil Éireann.

     

  3. Na comhaltaí a ainmneofar do Sheanad Éireann ainmneofar iad le réamhchead uathu féin ag an Taoiseach a cheapfar ar Dháil Éireann d'ationól i ndiaidh an lánscoir ar Dháil Éireann is siocair leis na comhaltaí sin a ainmniú.

     

  4. 1° Na comhaltaí a thoghfar do Sheanad Éireann, is ar an gcuma seo a leanas a thoghfar iad:

    i Toghfaidh Ollscoil na hÉireann triúr.

    ii Toghfaidh Ollscoil Bhaile átha Cliath triúr.

    iii Toghfar triúr is daichead as rollaí d'iarrthóirí a chóireofar ar an gcuma a shocraítear anseo inár ndiaidh.

    2° Féadfar foráil a dhéanamh le dlí chun go dtoghfar de réir toghchórais, agus ar an modh, a shocrófar le dlí, ag ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas, eadhon:

    i. na hOllscoileanna a luaitear i bhfo-alt 1° den alt seo,

    ii. aon fhorais eile ardoideachais sa Stát,

    an líon sin comhaltaí de Sheanad Éireann a shocrófar le dlí in ionad líon comhionann de na comhaltaí a bheas le toghadh de bhun míreanna i agus ii den fho-alt sin 1°.

    Féadfar comhalta nó comhaltaí de Sheanad Éireann a thoghadh faoin bhfo-alt seo ag forais a bheas tiomsaithe le chéile nó ag foras aonair.

    3° Ní cead aon ní dá bhfuil san Airteagal seo a agairt chun toirmeasc a chur le hOllscoil a luaitear i bhfo-alt 1° den alt seo a lánscor de réir dlí.

     

  5. Gach toghchán dá mbeidh ann do na comhaltaí a thoghfar do Sheanad Éireann is de réir na hionadaíochta cionúire a dhéanfar é agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe, le rúnbhallóid phoist.

     

  6. Na comhaltaí a thoghfar do Sheanad Éireann ag na hOllscoileanna is de réir toghchórais, agus ar an modh, a shocrófar le dlí a thoghfar iad.

     

  7. 1° Roimh gach olltoghchán do na comhaltaí do Sheanad Éireann a thoghfar as rollaí d'iarrthóirí cóireofar ar an gcuma a shocrófar le dlí cúig rolla d'iarrthóirí ar a mbeidh ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas faoi seach:­

    i. An Ghaeilge agus an tSaíocht Náisiúnta, Litríocht, Ealaíonacht, Oideachas agus cibé gairmeacha a léireofar le dlí chun críche an rolla seo;

    ii. Talmhaíocht, maille le gnóthaí a bhaineas léi, agus Iascaireacht;

    iii. Oibreachas, cibé comheagraithe é nó nach ea;

    iv. Tionscal is Tráchtáil ar a n-áirítear baincéireacht, airgeadas, cuntasaíocht, innealtóireacht agus foirgníocht;

    v. Riarachán Poiblí agus seirbhísí comhdhaonnacha, agus obair chomhdhaonnach dheonach a áireamh.

    2° Ní cead níos mó ná aon duine dhéag ná, faoi chuimsiú forálacha Airteagail 19 den Bhunreacht seo, níos lú ná cúigear de chomhaltaí Sheanad Éireann a thoghadh as aon rolla áirithe.

     

  8. Ní foláir olltoghchán do Sheanad Éireann a bheith ann lá nach déanaí ná nócha lá d'éis lánscor do Dháil Éireann, agus ní foláir do Sheanad Éireann teacht le chéile ar chéad-tionól tar éis an olltoghcháin lá a chinnfidh an tUachtarán chuige ar chomhairle an Taoisigh.

     

  9. Leanfaidh gach comhalta de Sheanad Éireann dá oifig, mura n-éaga nó mura n-éirí as oifig nó mura ndícháilítear é, go dtí an lá roimh lá na vótála don olltoghchán is túisce a bheas ann do Sheanad Éireann d'éis é a thoghadh nó é a ainmniú.

     

  10. 1° Faoi chuimsiú na bhforálacha sin romhainn den Airteagal seo, is de réir dlí a rialófar gach toghchán do na comhaltaí a thoghfar do Sheanad Éireann.

    2° Is le hainmniú ón Taoiseach a líonfar corrfholúntais i líon na gcomhaltaí a ainmnítear do Sheanad Éireann, le réamhchead na ndaoine a ainmneofar.

    3° Is ar an gcuma a shocraítear le dlí a líonfar corrfholúntais i líon na gcomhaltaí a thoghtar do Sheanad Éireann.

     

Airteagal 19

Féadfar socrú a dhéanamh le dlí ionas go bhféadfadh aon dream feidhme nó gairme beatha, nó aon chomhlacht nó comhairle feidhme nó gairme beatha, an oiread comhaltaí do Sheanad Éireann a thoghadh go lomdíreach agus a chinnfear leis an dlí sin, in ionad an oiread chéanna de na comhaltaí a thoghfar as na comhrollaí d'iarrthóirí a chóireofar faoi Airteagal 18 den Bhunreacht seo.

Reachtaíocht

Airteagal 20

  1. Ní foláir gach Bille a thionscnaítear i nDáil Éireann agus a ritear ag Dáil Éireann a chur go Seanad Éireann agus, mura Bille Airgid é, tig le Seanad Éireann é a leasú, agus ní foláir do Dháil Éireann aon leasú den sórt sin a bhreithniú.

     

  2. 1° Is dleathach Bille nach Bille Airgid é a thionscnamh i Seanad Éireann, agus má ritheann Seanad Éireann é ní foláir é a thabhairt isteach i nDáil Éireann.

    2° Má thionscnaítear Bille i Seanad Éireann agus go leasaíonn Dáil Éireann é, ní foláir a mheas é a bheith ina Bhille a tionscnaíodh i nDáil Éireann.

  3. Bille a ritear ag ceachtar den dá Theach agus lena nglacann an Teach eile ní foláir a mheas gur ritheadh é ag an dá Theach.

Billí Airgid

Airteagal 21

  1. 1° Is i nDáil Éireann amháin is cead Billí Airgid a thionscnamh

    2° Ní foláir gach Bille Airgid a ritear ag Dáil Éireann a chur go Seanad Éireann d'iarraidh a moltaí ina thaobh.

  2. 1° Gach Bille Airgid a chuirtear go Seanad Éireann d'iarraidh a moltaí ina thaobh, ní foláir é a chur ar ais go Dáil Éireann i gceann tréimhse nach sia ná lá agus fiche tar éis an Bille a chur go Seanad Éireann, agus tig le Dáil Éireann iomlán na moltaí ó Sheanad Éireann nó aon chuid díobh a ghlacadh nó a dhiúltú.

    2° Mura gcuirtear an Bille Airgid sin ar ais ó Sheanad Éireann go Dáil Éireann taobh istigh den lá agus fiche sin, nó má chuirtear ar ais é taobh istigh den lá agus fiche sin mar aon le moltaí nach nglacann Dáil Éireann leo, ní foláir a mheas gur rith an dá Theach i gceann an lae agus fiche sin é.

Airteagal 22

  1. 1° Is é is ciall do Bhille Airgid Bille nach mbíonn ann ach forálacha le haghaidh iomlán na n-ábhar seo a leanas nó aon chuid acu .i. cánachas a ghearradh, a aisghairm, a loghadh, a athrú nó a rialú; muirir a leagan ar airgidí poiblí chun fiacha a íoc nó chun cuspóirí eile airgeadais, nó a leithéidí sin de mhuirir a athrú nó a aisghairm; soláthar; airgead poiblí a leithghabháil, a ghlacadh, a choinneáil nó a eisiúint, nó cuntais air a iniúchadh; aon iasacht a chruinniú nó a ráthú nó a aisíoc; fo-ábhair a bhfuil baint acu leis na nithe sin nó le haon chuid acu.
  2. 2° Sa mhíniú sin ní áirítear faoi na focail "cánachas", "airgead poiblí" agus "iasacht", faoi seach, aon chánachas, airgead ná iasacht a chruinníd údaráis nó comhlachtaí áitiúla chun críocha áitiúla.

     

  3. 1° Más é tuairim Chathaoirleach Dháil Éireann gur Bille Airgid aon Bhille faoi leith ní foláir dó a dheimhniú gur Bille Airgid é agus, faoi chuimsiú na bhforálacha inár ndiaidh den alt seo, ní bheidh dul thar an deimhniú sin.

    2° Tig le Seanad Éireann rún a rith i dtionól nach mbeidh níos lú ná tríocha comhalta i láthair ann, á iarraidh ar an Uachtarán ceist a chur faoi bhráid Choiste Pribhléidí féachaint cé acu Bille Airgid an Bille nó nach ea.

    3° Má aontaíonn an tUachtarán leis an achainí tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, ní foláir dó Coiste Pribhléidí a cheapadh. An líon céanna de chomhaltaí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann a bheas ar an gCoiste sin, agus breitheamh den Chúirt Uachtarach ina Chathaoirleach orthu. Is tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit a dhéanfar na ceapacháin sin. Más ionann an líon vótaí ar an dá thaobh beidh vóta ag an gCathaoirleach, ach murab ionann ní bheidh.

    4° Ní foláir don Uachtarán an cheist a chur faoi bhráid an Choiste Pribhléidí a cheapfar mar sin, agus ní foláir don Choiste a mbreith ar an gceist a chur chun an Uachtaráin taobh istigh de lá agus fiche d'éis an lae a cuireadh an Bille go Seanad Éireann.

    5° Ní bheidh dul thar breith an Choiste.

    6° Má dhiúltaíonn an tUachtarán d'achainí Sheanad Éireann tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, nó mura gcuire an Coiste Pribhléidí a mbreith in iúl taobh istigh den tréimhse a luaitear anseo romhainn, seasfaidh deimhniú Chathaoirleach Dháil Éireann.

Tréimhse chun Billí a Bhreithniú

Airteagal 23

  1. Baineann an tAirteagal seo le gach Bille a ritheann Dáil Éireann agus a sheoltar go Seanad Éireann, ach amháin Bille Airgid nó Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht seo.
  2. 1° Má tharlaíonn, taobh istigh den tréimhse áirithe a luaitear sa chéad fho-alt eile, go ndiúltaíonn Seanad Éireann d'aon Bhille lena mbaineann an tAirteagal seo, nó go ritheann Seanad Éireann an Bille agus leasuithe air a ndiúltaíonn Dáil Éireann dóibh, nó mura ndéanann Seanad Éireann an Bille a rith (cibé acu leasaithe é nó gan leasú) nó diúltú dó taobh istigh den tréimhse áirithe, ansin má ritheann Dáil Éireann rún chuige sin taobh istigh de naoi bhfichid lá tar éis an tréimhse áirithe a bheith caite, ní foláir a mheas gur ritheadh an Bille sin ag dhá Theach an Oireachtais an lá a ritheadh an rún.

    2° Nócha lá, nó aon tréimhse is sia ná sin a réitíd dhá Theach an Oireachtais le chéile maidir leis an mBille, an tréimhse áirithe, agus is é an lá a sheoltar an Bille ar dtús ó Dháil Éireann go Seanad Éireann tosach na tréimhse.

     

  3. 1° Baineann an t-alt sin romhainn den Airteagal seo le gach Bille a thionscnaítear i Seanad Éireann agus a ritear ag Seanad Éireann, agus a leasaítear ag Dáil Éireann, agus go meastar dá bhíthin sin gur i nDáil Éireann a tionscnaíodh é.

    2° Chuige sin is é an lá a sheoltar an Bille go Seanad Éireann den chéad uair tar éis é a leasú ag Dáil Éireann a thosaíos an tréimhse áirithe i gcomhair an Bhille sin.

Airteagal 24

  1. Má ritheann Dáil Éireann Bille, seachas Bille a luaitear a bheith ina Bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht a leasú, agus go seolann an Taoiseach teachtaireachtaí scríofa chun an Uachtaráin agus chun Cathaoirleach gach Tí den Oireachtas, á dheimhniú dóibh gurb é tuairim an Rialtais go bhfuil práinn agus riachtanas leis an mBille sin láithreach chun síocháin agus slándáil an phobail a chosaint, nó go bhfuil práinn agus riachtanas leis láithreach toisc éigeandáil phoiblí inmheánach nó idirnáisiúnta a bheith ann, ansin má bheartaíonn Dáil Éireann amhlaidh le rún, agus go n-aontaíonn an tUachtarán leis an rún, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, ní foláir an tréimhse a fhágfar an Bille sin faoi bhreithniú Sheanad Éireann a ghiorrú agus a chur faoin teorainn a luaitear sa rún.

     

  2. Bille ar bith a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann a ghiorrú faoin Airteagal seo, má tharlaíonn,

    (a) i gcás Bille nach Bille Airgid, go ndiúltaíonn Seanad Éireann dó nó go ritheann Seanad Éireann é maille le leasuithe dá ndiúltaíonn Dáil Éireann nó nach ndéanann Seanad Éireann é a rith ná diúltú dó, nó,

    (b) i gcás Bille Airgid, go gcuireann Seanad Éireann ar ais go Dáil Éireann é maille le moltaí nach nglacann Dáil Éireann leo nó nach ndéanann Seanad Éireann é a chur ar ais go Dáil Éireann, taobh istigh den tréimhse a luaitear sa rún, ní foláir a mheas gur ritheadh an Bille ag dhá Theach an Oireachtais i gceann na tréimhse sin.

  3. Ar dhéanamh dlí de Bhille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann a ghiorrú faoin Airteagal seo, beidh sé i bhfeidhm ar feadh tréimhse nócha lá ó dháta a achtaithe, ach sin a mbeidh, mura n-aontaíd dhá Theach an Oireachtais roimh dheireadh na tréimhse sin an dlí sin a fhanacht i bhfeidhm ar feadh tréimhse is sia ná sin, agus go luaitear i rúin ón dá Theach an tréimhse a aontaítear amhlaidh.

 

Dlíthe a Shíniú agus a Fhógairt

Airteagal 25

  1. Chomh luath agus a ritear Bille, seachas Bille a luaitear a bheith ina Bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht seo a leasú, nó a mheastar é a bheith rite ag dhá Theach an Oireachtais, ní foláir don Taoiseach an Bille sin a thairiscint don Uachtarán chun a lámh a chur leis agus chun é a fhógairt ina dhlí de réir forálacha an Airteagail seo.
  2. 1° Taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an mBunreacht seo, gach Bille a thairgtear don Uachtarán mar sin chun a lámh a chur leis agus chun é a fhógairt ina dhlí, ní foláir dó a lámh a chur leis lá nach luaithe ná an cúigiú lá agus nach déanaí ná an seachtú lá tar éis an lae a thairgtear an Bille dó..
  3. 2° Ar achainí an Rialtais, le comhthoil Sheanad Éireann roimh ré, tig leis an Uacrán a lámh a chur le haon Bhille is siocair don achainí sin níos luaithe ná an cúigiú lá tar éis an dáta réamhráite.

  4. Gach Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht seo, ní foláir don Uachtarán a lámh a chur leis an lá a thairgtear an Bille sin dó chun é a shíniú agus chun é a fhógairt ina dhlí.
  5. 1° Déanann dlí de gach Bille an lá a chuireann an tUachtarán a lámh leis faoin mBunreacht seo agus is dlí é an lá sin agus ón lá sin amach agus, mura léir a mhalairt d'intinn ina thaobh, is é an lá sin a thagann sé i ngníomh.

    2° Gach Bille a gcuireann an tUachtarán a lámh leis faoin mBunreacht seo ní foláir dó é a fhógairt ina dhlí le fógra san Iris Oifigiúil, faoi ordú uaidh, á rá go bhfuil an Bille ina dhlí.

    3° Is é téacs de Bhille a gcuirfidh an tUachtarán a lámh leis ná an téacs a ritheadh nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais agus, má ritear Bille nó má mheastar é a bheith rite amhlaidh sa dá theanga oifigiúla, cuirfidh an tUachtarán a lámh le téacs Gaeilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an Bhille.

    4° I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.

    5° Chomh luath agus is féidir é tar éis Bille a shíniú agus é a fhógairt ina dhlí, ní foláir an téacs den dlí sin lena mbeidh lámh an Uachtaráin nó, i gcás lámh an Uachtaráin a bheith le téacs Gaeilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an dlí sin, an dá théacs sínithe sin a chur isteach ina iris nó ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí, agus is fianaise dhochloíte ar fhorálacha an dlí sin an téacs a chuirfear isteach ina iris, nó an dá théacs a chuirfear isteach ina n-iris, amhlaidh.

    6° I gcás téacs Gaeilge agus téacs Sacs-Bhéarla de dhlí a chur isteach ina n-iris faoin alt seo agus gan an dá théacs sin a bheith de réir a chéile, is ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.

  6. 1° Is dleathach don Taoiseach a thabhairt, ó am go ham faoi mar a chífear dó gá a bheith leis, go ndéanfar téacs (sa Ghaeilge agus sa Sacs-Bhéarla) den Bhunreacht seo, mar a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus ina mbeidh na leasuithe uile a bheidh déanta air go dtí sin, a ullmhú faoina threorú.

    2° Gach téacs a ullmhófar amhlaidh ní foláir don Uachtarán a lámh a chur le cóip de ar bheith fíoraithe di le sínithe an Taoisigh agus an Phríomh-Bhreithimh, agus ní foláir an chóip sin a chur isteach ina hiris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí.

    3° An chóip a bheidh sínithe agus curtha isteach ina hiris amhlaidh agus arb í an téacs is deireanaí, arna ullmhú amhlaidh, in alt na huaire í, beidh sí, ar bheith curtha isteach ina hiris di amhlaidh, ina fianaise dhochloíte ar an mBunreacht seo mar a bheidh ar dháta an chóip sin a chur isteach ina hiris amhlaidh agus, chuige sin, gabhfaidh sí ionad na dtéacsanna uile den Bhunreacht seo a mbeidh cóipeanna díobh curtha isteach ina n-iris amhlaidh roimhe sin.

    4° I gcás gan na téacsanna d'aon chóip áirithe den Bhunreacht seo a bheidh curtha isteach ina hiris faoin alt seo a bheith de réir a chéile, is ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.

  7. Billí a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí

    Airteagal 26

    Baineann an tAirteagal seo le gach Bille a ritear nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais, ach amháin Bille Airgid, nó Bille a luaitear a bheith ina Bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht a leasú, nó Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht seo.

     

    1. 1° Is cead don Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, aon Bhille lena mbaineann an tAirteagal seo a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí féachaint an bhfuil an Bille sin nó aon fhoráil nó aon fhorálacha áirithe de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de.

      2° I ngach cás den sórt sin ní foláir an Bille a chur faoi bhreith na Cúirte lá nach déanaí ná an seachtú lá tar éis an dáta a thairgeann an Taoiseach an Bille don Uachtarán chun a lámh a chur leis.

      3° Bille ar bith a chuirtear faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoin Airteagal seo, ní cead don Uachtarán a lámh a chur leis go dtí go dtugann an Chúirt a breith.

       

    2. 1° Ní foláir don Chúirt Uachtarach, cúirt ina mbeidh cúigear breitheamh ar a laghad, gach ceist dá gcuireann an tUachtarán faoina breith faoin Airteagal seo a bhreithniú agus, tar éis éisteacht le hargóintí ón Ard-Aighne nó thar a cheann agus ó abhcóidí a thoghfar ag an gCúirt, ní foláir di a breith ar an gceist sin a thabhairt sa chúirt go poiblí chomh luath agus is féidir é agus, ar aon chuma, lá nach déanaí ná seasca lá tar éis an cheist a chur faoina breith.

      2° An bhreith a bheireann an tromlach de bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, sin í breith na Cúirte chun críocha an Airteagail seo agus is é a chraolfas an bhreith sin ná an duine sin de na breithiúna sin a cheapfaidh an Chúirt chuige sin, agus ní cead tuairim ar bith eile, ag aontú nó ag easaontú leis an mbreith sin, a chraoladh ná ní cead a nochtadh tuairim ar bith eile den sórt sin a bheith ann.

       

    3. 1° I gcás aon Bhille a chuirtear faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoin Airteagal seo, más é breith na Cúirte go bhfuil aon fhoráil de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de, ní foláir don Uachtarán diúltú dá lámh a chur leis an mBille sin.

      2° I gcás achainí a bheith curtha chun an Uachtaráin faoi Airteagal 27 den Bhunreacht seo i dtaobh Bille lena mbaineann an tAirteagal sin, ní foláir an tAirteagal sin a chomhlíonadh.

      3° I ngach cás eile ní foláir don Uachtarán a lámh a chur leis an mBille chomh luath agus is féidir é tar éis an lae a bheireann an Chúirt Uachtarach a breith.

    Billí a chur faoi bhreith an Phobail

    Airteagal 27

    Baineann an tAirteagal seo le gach Bille, seachas Bille a luaitear a bheith ina Bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht seo a leasú, a mheastar, de bhua Airteagal 23 den Bhunreacht seo, a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais.

    1. Is cead do thromlach de chomhaltaí Sheanad Éireann, i bhfochair trian ar a laghad de chomhaltaí Dháil Éireann, comhachainí a chur chun an Uachtaráin faoin Airteagal seo, á iarraidh air diúltú dá lámh a chur le haon Bhille lena mbaineann an tAirteagal seo agus don Bhille sin a fhógairt ina dhlí, toisc togra a bheith ann ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur chóir breith an phobail a fháil air.
    2.  

    3. Ní foláir gach achainí den sórt sin a bheith i scríbhinn agus í a bheith faoi láimh an lucht achainí agus ní foláir a sínithe sin a bheith fíoraithe ar an modh a ordaítear le dlí.

       

    4. Ní foláir léirthuairisc a bheith i ngach achainí den sórt sin ar an ábhar nó ar na hábhair áirithe ar a bhfuil sí bunaithe, agus í a thairiscint don Uachtarán lá nach déanaí ná ceithre lá tar éis an dáta a meastar a ritheadh an Bille ag dhá Theach an Oireachtais. 
    5. 1° Chomh luath agus a gheibheann an tUachtarán achainí faoin Airteagal seo ní foláir dó í a bhreithniú agus, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, a bhreith a thabhairt uirthi lá nach déanaí ná deich lá tar éis an lae a meastar a ritheadh, ag dhá Theach an Oireachtais, an Bille sin lena mbaineann an achainí.
    6. 2° I gcás an Bille nó aon fhoráil de a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26 den Bhunreacht seo ní bheidh ar an Uachtarán an achainí a bhreithniú mura ndéana ná go dtí go ndéanfaidh an Chúirt Uachtarach, de dhroim an churtha faoi bhreith sin, breith a chraoladh á dhearbhú gan an Bille sin nó an fhoráil sin de a bheith in aghaidh an Bhunreachta seo ná in aghaidh aon fhorála de agus, i gcás an Chúirt Uachtarach do chraoladh breithe á dhearbhú sin, ní bheidh ar an Uachtarán a bhreith ar an achainí a chraoladh go ceann sé lá tar éis an lae a chraolfar breith na Cúirte Uachtaraí ag dearbhú mar a dúradh.

       
    7. 1° I gcás gach Bille is siocair d'achainí faoin Airteagal seo, más é breith an Uachtaráin go bhfuil togra ann ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur chóir breith an phobail a fháil air, ní foláir dó scríbhinn faoina láimh agus faoina Shéala a chur go dtí an Taoiseach agus go dtí Cathaoirleach gach Tí den Oireachtas á chur sin in iúl dóibh, agus diúltú dá lámh a chur leis an mBille sin agus dá fhógairt ina dhlí mura nglactar, agus go dtí go nglactar, an togra

      i. le toil an phobail i Reifreann de réir forálacha alt 2 d'Airteagal 47 den Bhunreacht seo, taobh istigh d'ocht mí dhéag ón lá a bheireann an tUachtarán a bhreith, nó

      ii. le rún ó Dháil Éireann arna rith taobh istigh den tréimhse réamhráite i ndiaidh lánscor agus ationól do Dháil Éireann.

      2° Cibé uair a dhéantar togra a bhíonn i mBille is siocair d'achainí faoin Airteagal seo a ghlacadh le toil an phobail nó le rún ó Dháil Éireann de réir na bhforálacha sin romhainn den alt seo, ní foláir an Bille sin a thairiscint don Uachtarán chomh luath agus is féidir é tar éis a ghlactha, chun a lámh a chur leis agus é a fhógairt ina dhlí, agus air sin ní foláir don Uachtarán a lámh a chur leis an mBille agus é a fhógairt go cuí ina dhlí.

       
    8. I gcás gach Bille is siocair d'achainí faoin Airteagal seo, más é breith an Uachtaráin nach bhfuil aon togra ann ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur chóir breith an phobail a fháil air, ní foláir dó scríbhinn faoina láimh agus faoina Shéala a chur go dtí an Taoiseach agus go dtí Cathaoirleach gach Tí den Oireachtas á chur sin in iúl dóibh, agus a lámh a chur leis an mBille sin lá nach déanaí ná aon lá dhéag tar éis an lae a meastar a ritheadh an Bille sin ag dhá Theach an Oireachtais, agus é a fhógairt go cuí ina dhlí.

    AN RIALTAS

    Airteagal 28

    1. Mórsheisear ar a laghad, agus cúig dhuine dhéag ar a mhéid, líon comhaltaí an Rialtais, agus is é an tUachtarán a cheapfas na comhaltaí sin de réir forálacha an Bhunreachta seo. 
    2. Faoi chuimsiú forálacha an Bhunreachta seo, is é an Rialtas a oibreos, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit. 
    3. 1° Ní dleathach cogadh a fhógairt ná páirt a bheith ag an Stát in aon chogadh ach amháin le haontú Dháil Éireann.
    4. 2° Ach féadfaidh an Rialtas, i gcás ionraidh, aon ní a dhéanamh a mheasfaid a bheith riachtanach chun an Stát a chosaint, agus mura mbeidh Dáil Éireann ina suí ní foláir í a thionól chomh luath agus is féidir é.

      3° Ní cead aon ní dá bhfuil sa Bhunreacht seo seachas Airteagal 15.5. 2° a agairt chun aon dlí dá n-achtaíonn an tOireachtas a chur ó bhail má luaitear ann gur dlí é chun slándáil an phobail a chur in áirithe agus chun an Stát a chaomhnú in aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm, ná chun aon ghníomh dá ndéantar nó a bheireann le tuiscint gur gníomh é a dhéantar in aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm de bhun aon dlí den sórt sin, a chur ar neamhní. San fho-alt seo, folaíonn "aimsir chogaidh" tráth a bheidh coinbhleacht faoi arm ar siúl nach mbeidh an Stát páirteach ann ach go mbeidh beartaithe ag gach Teach den Oireachtas ina thaobh le rún go bhfuil ann, de dheasca an choinbhleachta sin faoi arm, staid phráinne náisiúnta a dhéanann difear do bhonn beatha an Stáit agus folaíonn "aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm" an tréimhse aimsire sin a bheidh idir an tráth a chuirfear deireadh le haon chogadh, nó le haon choinbhleacht faoi arm den sórt sin réamhráite, nó le ceannairc faoi arm agus an tráth a bheartóidh gach Teach den Oireachtas le rún nach ann a thuilleadh don staid phráinne náisiúnta arbh é an cogadh sin, nó an coinbhleacht sin faoi arm, nó an cheannairc sin faoi arm faoi deara é.

       

    5. 1° Tá an Rialtas freagrach do Dháil Éireann.

      2° I gcomhúdarás a thiocfaidh an Rialtas le chéile agus a ghníomhóid, agus táid go léir le chéile freagrach sna Ranna Stáit a riartar ag comhaltaí an Rialtais.

      3° Déanfar rúndacht na bpléití ag cruinnithe den Rialtas a urramú i ngach toisc ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Ard-Chúirt gur ceart nochtadh a dhéanamh i dtaobh ní áirithe ­

      i. ar mhaithe le riaradh cirt ag Cúirt, nó

      ii. de bhua leasa phoiblí sháraithigh, de bhun iarratais chuige sin ó bhinse arna cheapadh ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas le húdarás Thithe an Oireachtais chun fiosrú a dhéanamh faoi ní a luafaidh siad ina thaobh go bhfuil tábhacht phoiblí ann.

      4° Ní foláir don Rialtas Meastacháin ar Fháltas an Stáit agus Meastacháin ar Chaitheamh Airgid an Stáit a ullmhú i gcomhair gach bliana airgeadais, agus iad a chur os comhair Dháil Éireann chun a mbreithnithe.

       
    6. 1° An Taoiseach is teideal do cheann an Rialtais, .i. an Príomh-Aire, agus sin é a bheirtear air sa Bhunreacht seo.

      2° Ní foláir don Taoiseach eolas i gcoitinne a thabhairt don Uachtarán ar nithe a bhaineas le beartas inmheánach agus le beartas idirnáisiúnta.

       
    7. 1° Ní foláir don Taoiseach comhalta den Rialtas a ainmniú chun bheith ina Thánaiste.

      2° Má éagann an Taoiseach nó má ghabhann míthreoir bhuan é, ní foláir don Tánaiste gníomhú chun gach críche in ionad an Taoisigh nó go gceaptar Taoiseach eile.

      3° Ní foláir don Tánaiste, fairis sin, gníomhú thar ceann nó in ionad an Taoisigh le linn eisean a bheith as láthair go sealadach.

       
    8. 1° Ní foláir an Taoiseach agus an Tánaiste agus an comhalta sin den Rialtas a bheas i mbun an Roinn Airgeadais a bheith ina gcomhaltaí de Dháil Éireann.

      2° Ní foláir na comhaltaí eile den Rialtas a bheith ina gcomhaltaí de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann ach ní dleathach thar beirt acu a bheith ina gcomhaltaí de Sheanad Éireann.

       
    9. Tá sé de cheart ag gach comhalta den Rialtas bheith i láthair agus labhairt i ngach Teach den Oireachtas. 
    10. 1° Tig leis an Taoiseach éirí as oifig uair ar bith trína chur sin in iúl don Uachtarán.

      2° Tig le haon chomhalta eile den Rialtas éirí as oifig trína chur sin in iúl don Taoiseach chun an scéal a chur faoi bhráid an Uachtaráin.

      3° Ní foláir don Uachtarán glacadh le haon chomhalta den Rialtas, seachas an Taoiseach, d'éirí as oifig má chomhairlíonn an Taoiseach é sin dó.

      4° Tig leis an Taoiseach uair ar bith, ar ábhair is leor leis féin, a iarraidh ar chomhalta den Rialtas éirí as oifig; mura ndéana an comhalta sin de réir na hachainí sin, ní foláir don Uachtarán an comhalta sin a chur as oifig má chomhairlíonn an Taoiseach dó é.

       
    11. Aon uair nach leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis an Taoiseach, ní foláir dósan éirí as oifig mura lánscoireann an tUachtarán Dáil Éireann ar chomhairle an Taoisigh agus go n-éiríonn leis an Taoiseach tacaíocht tromlaigh i nDáil Éireann a fháil ar ationól do Dháil Éireann i ndiaidh an lánscoir. 
    12. 1° Má éiríonn an Taoiseach as oifig tráth ar bith, ní foláir a mheas go n-éiríonn an chuid eile de chomhaltaí an Rialtais as oifig fairis sin; ach leanfaidh an Taoiseach agus an chuid eile de chomhaltaí an Rialtais dá ndualgais nó go gceaptar a gcomharbaí.

      2° Na comhaltaí den Rialtas a bheas in oifig lá lánscortha Dháil Éireann, leanfaid dá n-oifig nó go gceaptar a gcomharbaí.

    Is de réir dlí a rialófar na nithe seo a leanas .i. Ranna Stáit a chomheagrú agus gnó a roinnt orthu, comhaltaí den Rialtas a cheapadh chun bheith ina nAirí i mbun na Ranna sin, na feidhmeanna a bhaineas le hoifig chomhalta den Rialtas a chomhlíonadh le linn an comhalta sin a bheith tamall as láthair nó ar míthreoir, agus tuarastal comhaltaí an Rialtais.

Rialtas áitiúil

Airteagal 28A

  1. Admhaíonn an Stát an ról atá ag rialtas áitiúil maidir le fóram a chur ar fáil le haghaidh ionadaíochta daonlathaí do phobail áitiúla, maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna a bheirtear le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh ag leibhéal áitiúil agus maidir le leasanna na bpobal sin a chur chun cinn trína thionscnaimh. 
  2. Beidh cibé údaráis áitiúla dhírthofa ann a chinnfear le dlí agus déanfar a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna a chinneadh amhlaidh, faoi chuimsiú fhorálacha an Bhunreachta seo, agus oibreofar agus comhlíonfar iad de réir dlí. 
  3. Ní foláir toghcháin do chomhaltaí de na húdaráis áitiúla sin a dhéanamh de réir dlí tráth nach déanaí ná deireadh an cúigiú bliain tar éis na bliana ina ndearnadh go deireanach iad. 
  4. Gach saoránach ag a bhfuil ceart vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann agus cibé daoine eile a chinnfear le dlí, beidh ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí cibé údaráis áitiúla dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a chinnfear le dlí. 

Déanfar corrfholúntais i gcomhaltas údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 2 den Airteagal seo a líonadh de réir dlí.

CAIDREAMH IDIRNáISIÚNTA

Airteagal 29

  1. Dearbhaíonn Éire gur mian léi síocháin agus comhar, de réir an chothroim idirnáisiúnta agus na moráltachta idirnáisiúnta, a bheith ar bun idir náisiúin an domhain. 
  2. Dearbhaíonn Éire fós gur mian léi go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta le headráin idirnáisiúnta nó le cinneadh breithiúnach. 
  3. Glacann Éire le bunrialacha gnáth-admhaithe an dlí idirnáisiúnta le bheith ina dtreoir d'Éirinn ina caidreamh le Stáit eile. 
  4. 1° De réir Airteagal 28 den Bhunreacht seo is é an Rialtas a oibreos, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach.
  5. 2° Ionas go bhféadfar aon fheidhm chomhallach leis an Stát a oibriú maidir lena chaidreamh eachtrach féadfaidh an Rialtas, sa mhéid go gcinnfear le dlí agus faoi chuimsiú cibé coinníollacha a chinnfear le dlí, má chinntear, aon organ stáit nó sás nó nós imeachta a chur chun críche nó a ghlacadh a chuirtear chun críche nó a ghlactar chun a leithéid sin de chuspóir ag na náisiúin is comhaltaí d'aon bhuíon nó d'aon chumann de náisiúin a bhfuil nó a mbeidh an Stát i gcomhlachas leo le haghaidh comhair idirnáisiúnta i gcúrsaí a bhaineas leo uile.

    3° Tig leis an Stát a bheith ina chomhalta den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (a bunaíodh le Conradh a síníodh i bPáras an 18ú lá d'Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957) agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957). Tig leis an Stát an Ionstraim Eorpach Aonair (a síníodh thar ceann Bhallstáit na gComhphobal i Lucsamburg an 17ú lá d'Fheabhra, 1986, agus sa Háig an 28ú lá d'Fheabhra, 1986) a dhaingniú.

    4° Tig leis an Stát an Conradh ar an Aontas Eorpach a síníodh i Maastricht ar an 7ú lá d'Fheabhra, 1992, a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas sin.

    5° Tig leis an Stát Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Amstardam an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, a dhaingniú.

    6° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.11, 2.5 agus 2.15 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó fúthu agus leis an dara Prótacal agus leis an gceathrú Prótacal atá leagtha amach sa Chonradh sin nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.

    7° Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá d’Fheabhra, 2001, a dhaingniú.

    8° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.

    9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.

    10° Ní dhéanann aon fhoráileamh atá sa Bhunreacht seo aon dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach nó de na Comhphobail a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an tAontas Eorpach nó na Comhphobail nó institiúidí díobh, nó comhlachtaí atá inniúil faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.

    11° Tig leis an Stát an Comhaontú maidir le Paitinní Comhphobail a tarraingíodh suas idir Ballstáit na gComhphobal agus a rinneadh i Lucsamburg ar an 15ú lá de Nollaig, 1989, a dhaingniú.

     
  6. 1° Ní foláir gach conradh idirnáisiúnta ina mbeidh an Stát páirteach a leagan os comhair Dháil Éireann.

    2° Aon chonradh idirnáisiúnta a chuirfeadh costas ar an gciste poiblí ní bheidh sé ina cheangal ar an Stát mura dtoilí Dáil Éireann le téarmaí an chonartha.

    3° Ní bhaineann an t-alt seo le conarthaí ná le comhaontuithe ar chúrsaí teicnice agus riaracháin.

     
  7. Ní bheidh aon chonradh idirnáisiúnta ina chuid de dhlí inmheánach an Stáit ach mar a chinnfidh an tOireachtas. 
  8. 1° Tig leis an Stát a thoiliú a bheith faoi cheangal ag Comhaontú na Breataine-na hÉireann, arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10ú lá d'Aibreán, 1998, ar a dtugtar an Comhaontú sa Bhunreacht seo feasta.

    2° Tig le haon institiúid a bhunófar leis an gComhaontú nó faoin gComhaontú na cumhachtaí agus na feidhmeanna a fheidhmiú a thugtar di dá chionn sin i leith oileán na hÉireann ar fad nó i leith aon chuid de d'ainneoin aon fhorála eile den Bhunreacht seo lena dtugtar cumhacht nó feidhm dá samhail d'aon duine nó d'aon organ Stáit arna cheapadh faoin mBunreacht seo nó arna chruthú nó arna bhunú leis an mBunreacht seo nó faoin mBunreacht seo. Féadfaidh aon chumhacht nó aon fheidhm a thabharfar d'institiúid den sórt sin i ndáil le hachrainn nó conspóidí a réiteach nó a shocrú a bheith i dteannta nó in ionad aon chumhachta nó aon fheidhme dá samhail a thugtar leis an mBunreacht seo d'aon duine den sórt sin nó d'aon organ Stáit den sórt sin mar a dúradh.

     
  9. Tig leis an Stát dlínse a fheidhmiú taobh amuigh dá chríoch de réir bhunrialacha gnáth-admhaithe an dlí idirnáisiúnta. 
  10. Tig leis an Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17ú lá d’Iúil, 1998, a dhaingniú.

AN tARD-AIGHNE

Airteagal 30

  1. Beidh Ard-Aighne ann, agus is é is comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí agus tuairimí dlí, agus ní foláir dó gach cumhacht, gach feidhm agus gach dualgas dá mbronntar nó dá gcuirtear air leis an mBunreacht seo nó le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh.
  2.  
  3. Is ag an Uachtarán a cheapfar an tArd-Aighne arna ainmniú sin ag an Taoiseach. 
  4. I gcás gach coir agus cion dá dtugtar in aon chúirt a bhunaítear faoi Airteagal 34 den Bhunreacht seo, ach amháin cúirt dlínse achomaire, is in ainm an Phobail agus ar agra an Ard-Aighne, nó ar agra dhuine éigin eile a údaraítear ina chomhair sin de réir dlí, a dhéanfar an cúiseamh. 
  5. Ní cead an tArd-Aighne a bheith ina chomhalta den Rialtas. 
  6. 1° Tig leis an Ard-Aighne éirí as oifig uair ar bith trína chur sin in iúl don Taoiseach chun an scéal a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
  7. 2° Tig leis an Taoiseach, ar ábhair is leor leis féin, a iarraidh ar an Ard-Aighne éirí as oifig.

    3° Mura ndéana an tArd-Aighne de réir na hachainí sin ní foláir don Uachtarán é a chur as oifig má chomhairlíonn an Taoiseach dó é.

    4° Ní foláir don Ard-Aighne dul as oifig ar éirí as oifig don Taoiseach, ach tig leis leanúint dá dhualgais nó go gceaptar comharba an Taoisigh.

     

    Faoi chuimsiú na bhforálacha sin romhainn den Airteagal seo is de réir dlí a rialófar oifig an Ard-Aighne, maille leis an tuarastal is iníoctha leis an té a bheas i seilbh na hoifige sin.

    AN CHOMHAIRLE STáIT

    Airteagal 31

    1. Beidh Comhairle Stáit ann chun cabhair is comhairle a thabhairt don Uachtarán i dtaobh gach ní dá gcuirfidh an tUachtarán ina gcomhairle, maidir le hé d'oibriú is do chomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna a luaitear sa Bhunreacht seo a bheith inoibrithe is inchomhlíonta aige tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, agus fós chun aon fheidhmeanna eile a bhronntar ar an gComhairle sin leis an mBunreacht seo a chomhlíonadh. 
    2. Is iad na daoine seo a leanas a bheas ina gcomhaltaí den Chomhairle Stáit:
    3. i. De bhua oifige: an Taoiseach, an Tánaiste, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, Cathaoirleach Dháil Éireann, Cathaoirleach Sheanad Éireann, agus an tArd-Aighne.

      ii. Gach duine ar cumas dó agus ar fonn leis gníomhú ina chomhalta den Chomhairle Stáit, agus a bhí tráth ina Uachtarán nó ina Thaoiseach nó ina Phríomh-Bhreitheamh, nó ina Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann.

      iii. Aon daoine eile a cheapfar ag an Uachtarán faoin Airteagal seo, má cheaptar aon duine, chun bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle Stáit.

    4. Tig leis an Uachtarán uair ar bith agus ó am go ham cibé daoine eile is oiriúnach leis, as a chomhairle féin, a cheapadh le barántas faoina láimh is faoina Shéala chun bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle Stáit, ach ní dleathach thar mórsheisear a cheaptar ar an gcuma sin a bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle Stáit san am chéanna.
    5.  
    6. Ní foláir do gach comhalta den Chomhairle Stáit, an chéad uair a bheidh sé ar thionól den Chomhairle sin ina chomhalta di, an dearbhú seo a leanas a dhéanamh agus a lámh a chur leis:

      "I láthair Dia na nUilechumhacht, táimse, , á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta agus go fírinneach mo dhualgais i mo chomhalta den Chomhairle Stáit a chomhlíonadh go dílis coinsiasach."

       

    7. Gach comhalta den Chomhairle Stáit a cheapfar ag an Uachtarán beidh sé i seilbh oifige nó go dté comharba an Uachtaráin a cheap é i gcúram a oifige, is é sin mura dtarlaí roimhe sin go n-éagfaidh an comhalta sin, nó go n-éireoidh as oifig, nó go ngeobhaidh míthreoir bhuan é, nó go gcuirfear as oifig é. 
    8. Aon chomhalta den Chomhairle Stáit dá gceapfaidh an tUachtarán tig leis éirí as oifig trína chur sin in iúl don Uachtarán. 
    9. Tig leis an Uachtarán, ar ábhair is leor leis féin, duine ar bith dár cheap sé don Chomhairle Stáit a chur as oifig le hordú faoina láimh agus faoina Shéala. 
    10. Tig leis an Uachtarán an Chomhairle Stáit a chomóradh cibé áit agus am a shocróidh sé chuige.

      Airteagal 32

      Cumhachtaí nó feidhmeanna ar bith a luaitear ina dtaobh sa Bhunreacht seo gur dleathach don Uachtarán iad a oibriú nó a chomhlíonadh tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, ní cead don Uachtarán aon chumhacht ná feidhm díobh a oibriú ná a chomhlíonadh mura gcomóra sé an Chomhairle Stáit i ngach cás roimh ré, agus éisteacht leis na comhaltaí den Chomhairle sin a bheas i láthair.

      AN tARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE

      Airteagal 33

       
      1. Beidh Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ann chun gach caitheamh airgid a rialú thar ceann an Stáit, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar gach uile chuntas ar airgead a riartar ag an Oireachtas nó faoi údarás an Oireachtais.
      2.  
      3. Is ag an Uachtarán a cheapfar an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, arna ainmniú sin ag Dáil Éireann. 
      4. Ní cead an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bheith ina chomhalta de cheachtar de Thithe an Oireachtais, ná a bheith in aon oifig ná post sochair eile. 
      5. Ní foláir don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuarascálacha a chur os comhair Dháil Éireann ar thrátha áirithe mar a chinnfear le dlí. 
      6. 1° Ní cead an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur as oifig ach amháin de dheasca mí-iompair nó míthreora a luafar, ná an uair sin féin mura rithid Dáil Éireann agus Seanad Éireann rúin á éileamh é a chur as oifig.

        2° Rúin ar bith den sórt sin a rithfid Dáil Éireann agus Seanad Éireann ní foláir don Taoiseach scéala a thabhairt don Uachtarán ina dtaobh go cuí, agus cóip de gach rún den tsamhail sin a sheoladh chuige faoi theastas Chathaoirleach an Tí den Oireachtas a rith é.

        3° Láithreach d'éis na scéala sin agus cóipeanna de na rúin sin a fháil don Uachtarán ní foláir dó, le hordú faoina láimh is faoina Shéala, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur as oifig.

         
      7. Faoi chuimsiú na nithe sin romhainn, is le dlí a chinnfear coinníollacha agus cúinsí oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

        NA CÚIRTEANNA

        Airteagal 34

         
        1. Is i gcúirteanna a bhunaítear le dlí agus ag breithiúna a cheaptar ar an modh atá leagtha amach sa Bhunreacht seo a riarfar ceart, agus is go poiblí a dhéanfar sin ach amháin sna cásanna speisialta teoranta sin a ordófar le dlí. 
        2. Beidh ar na cúirteanna sin Cúirteanna Céadchéime agus Cúirt Achomhairc Dheiridh. 
        3. 1° Beidh ar na Cúirteanna Céadchéime sin Ard-Chúirt ag a mbeidh lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad.

          2° Taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an Airteagal seo, beidh dlínse ag an Ard-Chúirt maidir leis an gceist sin bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta seo, agus ní cead aon cheist den sórt sin a tharraingt anuas (trí phléadáil ná argóint ná eile) i gCúirt ar bith, arna bunú faoin Airteagal seo nó faoi aon Airteagal eile den Bhunreacht seo, seachas an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach.

          3° Ní bheidh dlínse ag Cúirt ar bith chun bailíocht dhlí nó fhorála ar bith de dhlí a chur in amhras is dlí a ndearna an tUachtarán an Bille lena aghaidh a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26 den Bhunreacht seo, ná chun bailíocht fhorála de dhlí a chur in amhras má rinne an tUachtarán an fhoráil chomhréire sa Bhille le haghaidh an dlí sin a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí faoin Airteagal sin 26.

          4° Beidh ar na Cúirteanna Céadchéime, fairis sin, Cúirteanna ag a mbeidh dlínse theoranta áitiúil maille le ceart achomhairc ina n-aghaidh faoi mar a chinnfear le dlí.
        4. 1° An Chúirt Uachtarach is teideal don Chúirt Achomhairc Dheiridh.

          2° An Príomh-Bhreitheamh is teideal d'uachtarán na Cúirte Uachtaraí.

          3° Taobh amuigh de cibé eisceachtaí agus faoi chuimsiú cibé rialacha a ordófar le dlí, beidh dlínse achomhairc ag an gCúirt Uachtarach ar bhreitheanna uile na hArd-Chúirte agus, fairis sin, ar na breitheanna sin ó chúirteanna eile a ordófar le dlí.

          4° Ní cead aon dlí a achtú a chuirfeadh ar an taobh amuigh de dhlínse achomhairc na Cúirte Uachtaraí cásanna ina mbeadh ceisteanna le réiteach i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta seo.

          5° Is é a chraolfas breith na Cúirte Uachtaraí ar cheist i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar dhlí ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta seo ná an duine sin de bhreithiúna na Cúirte sin a cheapfaidh an Chúirt sin chuige sin, agus ní cead tuairim ar bith eile ar an gceist sin, ag aontú nó ag easaontú leis an mbreith sin, a chraoladh ná ní cead a nochtadh tuairim ar bith eile den sórt sin a bheith ann.

          6° Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Uachtaraí i gcás ar bith. 
        5. 1° Gach duine a cheapfar chun bheith ina bhreitheamh faoin mBunreacht seo ní foláir dó an dearbhú seo a leanas a dhéanamh agus a lámh a chur leis:

          "I láthair Dia na nUilechumhacht táimse, , á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta agus go fírinneach go gcomhlíonfad go cuí agus go dílis, chomh maith agus is eol agus is cumas dom, oifig an Phríomh-Bhreithimh (nó de réir mar a oireas) gan eagla gan claonadh, gan bá gan drochaigne chun duine ar bith, agus go gcumhdód Bunreacht agus dlíthe Éireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdach."

          2° Is i láthair an Uachtaráin a dhéanfaidh an Príomh-Bhreitheamh an dearbhú sin agus a chuirfidh a lámh leis, agus is sa chúirt go poiblí agus i láthair an Phríomh-Bhreithimh nó an bhreithimh den Chúirt Uachtarach is sinsearaí dá mbeidh ar fáil a dhéanfaidh gach breitheamh eile den Chúirt Uachtarach agus gach breitheamh den Ard-Chúirt agus de gach Cúirt eile an dearbhú sin agus a chuirfidh lámh leis.

          3° Ní foláir do gach breitheamh an dearbhú a dhéanamh agus a lámh a chur leis sula dté i gcúram dualgas a oifige, agus cibé scéal é, ar dháta nach déanaí ná deich lá tar éis lae a cheaptha, nó dáta is déanaí ná sin mar a chinnfidh an tUachtarán.

          4° Aon bhreitheamh a dhiúltós nó a fhailleos an dearbhú réamhráite a dhéanamh ní foláir a mheas go bhfuil scartha aige lena oifig.

        Airteagal 35

        1. Is ag an Uachtarán a cheapfar breithiúna na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte agus an uile Chúirte eile a bhunaítear de bhun Airteagal 34 den Bhunreacht seo. 
        2. Beidh gach breitheamh saor neamhspleách maidir lena fheidhmeanna breithimh a oibriú, gan de smacht air ach an Bunreacht seo agus an dlí. 
        3.  Ní cead aon bhreitheamh a bheith ina chomhalta de cheachtar de Thithe an Oireachtais, ná bheith in aon oifig ná post sochair eile. 
        4. 1° Ní cead breitheamh den Chúirt Uachtarach ná den Ard-Chúirt a chur as oifig ach amháin de dheasca mí-iompair nó míthreorach a luafar, ná an uair sin féin mura rithid Dáil Éireann agus Seanad Éireann rúin á éileamh é a chur as oifig.

          2° Rúin ar bith den sórt sin a rithfid Dáil Éireann agus Seanad Éireann ní foláir don Taoiseach scéala a thabhairt don Uachtarán ina dtaobh go cuí agus cóip de gach rún díobh a sheoladh chuige faoi theastas Chathaoirleach an Tí den Oireachtas a rith é.

          3° Láithreach d'éis na scéala sin agus cóipeanna de na rúin sin a fháil don Uachtarán ní foláir dó, le hordú faoina láimh is faoina Shéala, an breitheamh lena mbainid a chur as oifig.

           
        5. Ní cead laghdú a dhéanamh ar thuarastal breithimh an fad is bheidh in oifig. 

      Airteagal 36

      Faoi chuimsiú na bhforálacha sin romhainn den Bhunreacht seo a bhaineas leis na Cúirteanna is de réir dlí a rialófar na nithe seo a leanas .i.

      i. líon breithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus na hArd-Chúirte, tuarastal, aois scortha agus pinsin na mbreithiúna sin,

      ii. líon breithiúna gach Cúirte eile, agus na coinníollacha faoina gceaptar iad, agus

      iii. comhdhéanamh agus comheagraíocht na gCúirteanna sin, roinnt na dlínse agus na hoibre ar na Cúirteanna sin agus ar na breithiúna sin, agus gach ní a bhaineas le nós imeachta.

      Airteagal 37

      1. Aon duine nó aon dream a n-údaraítear go cuí dóibh le dlí feidhmeanna agus cumhachtaí teoranta breithiúnais a oibriú i gcúrsaí nach cúrsaí coireachta, má oibríd na feidhmeanna agus na cumhachtaí sin ní bheidh an t-oibriú sin gan bhail dlí de bhíthin aon ní sa Bhunreacht seo, siúd is nach breitheamh ná cúirt a ceapadh nó a bunaíodh mar bhreitheamh nó mar chúirt faoin mBunreacht seo an duine nó an dream sin.
      2. Ní raibh ná ní bheidh aon uchtáil ar dhuine a ghlac éifeacht nó a bhfuil sé sainráite gur ghlac sí éifeacht aon tráth tar éis don Bhunreacht seo a theacht i ngníomh faoi dhlíthe a d'achtaigh an tOireachtas agus is uchtáil de bhun ordú a rinne nó údarú a thug aon duine nó aon dream a bhí sonraithe leis na dlíthe sin chun na feidhmeanna agus na cumhachtaí sin a oibriú ó bhail dlí de bhíthin amháin nár bhreitheamh ná cúirt a ceapadh nó a bunaíodh mar bhreitheamh nó mar chúirt faoin mBunreacht seo an duine nó an dream sin.

      TRIAIL I gCIONTA

      Airteagal 38

      1. Ní cead aon duine a thriail in aon chúis choiriúil ach mar is cuí de réir dlí. 
      2. Féadfar mionchionta a thriail ag cúirteanna dlínse achomaire. 
      3. 1° Féadfar cúirteanna faoi leith a bhunú le dlí chun cionta a thriail i gcásanna a gcinnfear ina dtaobh, de réir an dlí sin, nach leor na gnáthchúirteanna chun riaradh cirt a chur i bhfeidhm le héifeacht agus chun síocháin agus ord poiblí a chaomhnú.
      4. 2° Is le dlí a shocrófar comhdhéanamh, cumhachtaí, dlínse agus nós imeachta na gcúirteanna faoi leith sin.

         
      5. 1° Féadfar binsí míleata a bhunú chun daoine a thriail i gcionta in aghaidh dlí mhíleata a deirtear a rinneadar le linn a mbeith faoi dhlí mhíleata, agus fós chun broic le heisíth nó le ceannairc faoi arm.

        2° Duine de na Fórsaí Cosanta nach bhfuil ar fianas ní cead é a thriail i láthair aon armchúirte ná binse míleata eile i gcion is intriailte sna cúirteanna sibhialta, mura cion é atá faoi dhlínse aon armchúirte nó binse míleata eile faoi aon dlí chun smacht míleata a chur i bhfeidhm.

         
      6. Ní cead duine a thriail in aon chúis choiriúil ach i láthair choiste tiomanta, ach amháin i gcás cionta a thriail faoi alt 2, alt 3 nó alt 4 den Airteagal seo. 
      7. Ní bhainfidh forálacha Airteagal 34 ná Airteagal 35 den Bhunreacht seo le haon chúirt ná le haon bhinse a bhunófar faoi alt 3 nó alt 4 den Airteagal seo.

      Airteagal 39

      Is é amháin is tréas ann cogadh a chur ar an Stát, nó cabhrú le stát nó le duine ar bith, nó saighdeadh faoi dhuine, nó bheith i gcomhcheilg le duine, chun cogadh a chur ar an Stát, nó iarracht a dhéanamh le harm nó ar mhodh fhoréigneach eile ar na horgain rialtais a bhunaítear leis an mBunreacht seo a threascairt, nó páirt nó baint a bheith ag neach lena leithéid sin d'iarracht, nó aon duine a shaighdeadh nó bheith i gcomhcheilg leis chun a déanta nó chun páirt nó baint a bheith aige léi.

      BUNCHEARTA

      Cearta Pearsanta

      Airteagal 40

      1. áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.

        Ach ní intuigthe as sin nach bhféachfaidh an Stát go cuí, ina chuid achtachán, don difríocht atá idir daoine ina mbuanna corpartha agus ina mbuanna morálta agus ina bhfeidhm chomhdhaonnach.

         
      2. 1° Ní cead don Stát gairm uaisleachta a bhronnadh ar aon duine.

        2° Ní cead d'aon saoránach gairm uaisleachta ná gairm onóra a ghlacadh ach le haontú roimh ré ón Rialtas.

         
      3. 1° Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlíthe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

        2° Déanfaidh an Stát, go sonrach, lena dhlíthe, beatha agus pearsa agus dea-chlú agus maoinchearta an uile shaoránaigh a chosaint ar ionsaí éagórach chomh fada lena chumas, agus iad a shuíomh i gcás éagóra.

        3° Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

        Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile.

        Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil sa Stát maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile ach sin faoi chuimsiú cibé coinníollacha a fhéadfar a leagan síos le dlí.

         
      4. 1° Ní cead a shaoirse phearsanta a bhaint d'aon saoránach ach amháin de réir dlí.

        2° Nuair a dhéanann duine ar bith gearán, nó a dhéantar gearán thar ceann duine ar bith, leis an Ard-Chúirt nó le breitheamh ar bith di á rá go bhfuil an duine sin á choinneáil ina bhrá go haindleathach, ní foláir don Ard-Chúirt agus d'aon bhreitheamh agus do gach breitheamh di chun a ndéanfar an gearán sin fiosrú a dhéanamh láithreach i dtaobh an ghearáin sin agus féadfaidh a ordú do neach coinnithe an duine sin ina bhrá an duine sin a thabhairt ina phearsain i láthair na hArd-Chúirte lá a ainmnítear agus a dheimhniú i scríbhinn cad is forais dá bhraighdeanas, agus ní foláir don Ard-Chúirt, nuair a bheirtear an duine sin ina phearsain i láthair na Cúirte sin agus tar éis caoi a thabhairt do neach a choinnithe ina bhrá ar a chruthú gur braighdeanas cóir an braighdeanas, a ordú an duine sin a scaoileadh as an mbraighdeanas sin mura deimhin leis an gCúirt sin gur de réir an dlí atáthar á choinneáil.

        3° I gcás duine a deirtear a bheith á choinneáil ina bhrá go haindleathach a thabhairt ina phearsain i láthair na hArd-Chúirte de bhun ordaithe chuige sin arna dhéanamh faoin alt seo agus gur deimhin leis an gCúirt sin an duine sin a bheith á choinneáil ina bhrá de réir dlí áirithe ach an dlí sin a bheith neamhbhailí ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta seo, ní foláir don Ard-Chúirt an cheist sin bail a bheith nó gan a bheith ar an dlí sin a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí i bhfoirm cháis ríofa agus féadfaidh, le linn an cheist sin a chur faoi bhreith amhlaidh nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, ligean don duine sin a shaoirse a bheith aige, faoi réir na mbannaí agus na gcoinníollacha sin a cheapfaidh an Ard-Chúirt go dtí go dtabharfaidh an Chúirt Uachtarach breith ar an gceist a chuirfear faoina breith amhlaidh.

        4° Is triúr breitheamh is Ard-Chúirt in aon chás áirithe, ina ndéantar duine a deirtear a bheith á choinneáil ina bhrá go haindleathach a thabhairt ina phearsain i láthair na hArd-Chúirte de bhun ordaithe chuige sin arna dhéanamh faoin alt seo, má dhéanann Uachtarán na hArd-Chúirte nó, mura mbeidh seisean ar fáil, an breitheamh is sinsearaí den Chúirt sin dá mbeidh ar fáil a ordú, i dtaobh an cháis sin, an líon sin a bheith inti agus is breitheamh amháin is Ard-Chúirt i ngach cás eile den sórt sin.

        5° Ach aon ghníomh de ghníomhartha na bhFórsaí Cosanta le linn eisíthe nó ceannairce faoi arm, ní cead aon ní dá bhfuil san alt seo a agairt chun an gníomh sin a thoirmeasc nó a rialú nó a bhac.

        6° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun go bhféadfaidh cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh.

         
      5. Is slán do gach saoránach a ionad cónaithe, agus ní cead dul isteach ann go foréigneach ach de réir dlí. 
      6. 1° Ráthaíonn an Stát saoirse chun na cearta seo a leanas a oibriú ach sin a bheith faoi réir oird is moráltachta poiblí:

        i. Ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac.

        Ach toisc oiliúint aigne an phobail a bheith chomh tábhachtach sin do leas an phobail, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach ndéanfar orgain aigne an phobail, mar shampla, an raidió is an preas is an cineama, a úsáid chun an t-ord nó an mhoráltacht phoiblí nó údarás an Stáit a bhonn-bhriseadh. San am chéanna coimeádfaidh na horgain sin an tsaoirse is dleacht dóibh chun tuairimí a nochtadh agus orthu sin tuairimí léirmheasa ar bheartas an Rialtais.

        Aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris is cion inphionóis é de réir dlí.

      ii. Ceart na saoránach chun teacht ar tionól go sítheoilte gan arm.

      Féadfar socrú a dhéanamh de réir dlí chun cosc a chur nó rialú a dhéanamh ar thionóil a gcinnfear de réir dlí gur baol briseadh síochána a theacht díobh nó gur contúirt nó cránas don phobal i gcoitinne iad, agus fós ar thionóil i gcóngar do cheachtar de Thithe an Oireachais.

      iii. Ceart na saoránach chun comhlachais agus cumainn a bhunú.

      Ach is cead dlíthe a achtú chun oibriú an chirt réamhráite a rialú agus a stiúradh ar mhaithe leis an bpobal.

      2° Ní cead aon idirdhealú maidir le polaitíocht nó creideamh nó aicmí, a bheith i ndlíthe a rialaíos modh oibrithe an chirt chun comhlachais agus cumainn a bhunú agus an chirt chun teacht le chéile ar saorthionól.

      An Teaghlach

      Airteagal 41

      1. 1° Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.2° ӳ é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomhdhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú. 
      2. 1° Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.
      3. 2° Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.

         
      4. 1° ӳ ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.

        2° Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh ar phósadh a thabhairt sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi ­

        i. go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán, caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig bliana roimhe sin,

        ii. nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,

        iii. go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéanfar cibé socrú, is dóigh leis an gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus

        iv. go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le dlí.

        3° I gcás pósadh duine ar bith a scaoileadh faoi dhlí shibhialta aon Stáit eile agus an pósadh sin, agus bail dlí air, a bheith ann fós faoin dlí a bheas i bhfeidhm in alt na huaire taobh istigh de dhlínse an Rialtais agus na Parlaiminte a bhunaítear leis an mBunreacht seo, ní fhéadfaidh an duine sin pósadh ar a mbeadh bail dlí a dhéanamh taobh istigh den dlínse sin an fad is beo don duine eile a bhí sa chuing phósta a scaoileadh amhlaidh.

      Oideachas

      Airteagal 42

      1. Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.
      2. Tig le tuistí an t-oideachas sin a chur ar fáil dá gclainn ag baile nó i scoileanna príobháideacha nó i scoileanna a admhaítear nó a bhunaítear ag an Stát. 
      3. 1° Ní cead don Stát a chur d'fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.2° Ach ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail ní foláir dó, toisc cor an lae, é a dhéanamh éigeantach minimum áirithe oideachais a thabhairt do na leanaí i gcúrsaí moráltachta, intleachta agus comhdhaonnachta.
      4. Ní foláir don Stát socrú a dhéanamh chun bunoideachas a bheith ar fáil in aisce, agus iarracht a dhéanamh chun cabhrú go réasúnta agus chun cur le tionscnamh oideachais idir phríobháideach agus chumannta agus, nuair is riachtanas chun leasa an phobail é, áiseanna nó fundúireachtaí eile oideachais a chur ar fáil, ag féachaint go cuí, áfach, do chearta tuistí, go mór mór maidir le múnlú na haigne i gcúrsaí creidimh is moráltachta.
      5. I gcásanna neamhchoiteanna nuair a tharlaíonn, ar chúiseanna corpartha nó ar chúiseanna morálta, nach ndéanaid na tuistí a ndualgais dá gclainn, ní foláir don Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, iarracht a dhéanamh le beart oiriúnach chun ionad na dtuistí a ghlacadh, ag féachaint go cuí i gcónaí, áfach, do chearta nádúrtha dochloíte an linbh.

         

      Maoin Phríobháideach

      Airteagal 43

      1. 1° Admhaíonn an Stát, toisc bua an réasúin a bheith ag an duine, go bhfuil sé de cheart nádúrtha aige maoin shaolta a bheith aige dá chuid féin go príobháideach, ceart is ársa ná reacht daonna.

        2° Uime sin, ráthaíonn an Stát gan aon dlí a achtú d'iarraidh an ceart sin, ná gnáthcheart an duine chun maoin a shannadh agus a thiomnú agus a ghlacadh ina hoidhreacht, a chur ar ceal.

         
      2. 1° Ach admhaíonn an Stát gur cuí, sa chomhdhaonnacht shibhialta, oibriú na gceart atá luaite sna forálacha sin romhainn den Airteagal seo a rialú de réir bunrialacha an chirt chomhdhaonnaigh.

        2° Uime sin, tig leis an Stát, de réir mar a bheas riachtanach, teorainn a chur le hoibriú na gceart réamhráite d'fhonn an t-oibriú sin agus leas an phobail a thabhairt dá chéile.

         

      Creideamh

      Airteagal 44

      1. Admhaíonn an Stát go bhfuil ag dul do Dhia na nUilechumhacht é a adhradh le hómós go poiblí. Beidh urraim ag an Stát dá ainm, agus bhéarfaidh oirmhidin agus onóir do Chreideamh. 
      2. 1° Ráthaítear do gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh, ach gan san a dhul chun dochair don ord phoiblí ná don mhoráltacht phoiblí.

        2° Ráthaíonn an Stát gan aon chóras creidimh a mhaoiniú.

        3° Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.

        4° Reachtaíocht lena gcuirtear cúnamh Stáit ar fáil do scoileanna ní cead idirdhealú a dhéanamh inti idir scoileanna atá faoi bhainistí aicmí creidimh seachas a chéile ná í do dhéanamh dochair do cheart aon linbh chun scoil a gheibheann airgead poiblí a fhreastal gan teagasc creidimh sa scoil sin a fhreastal.

        5° Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin a bhainistí, agus maoin, idir sho-aistrithe agus do-aistrithe, a bheith dá gcuid féin acu, agus í a fháil agus a riaradh, agus fundúireachtaí chun críocha creidimh is carthanachta a chothabháil.

        6° Ní cead maoin aon aicme creidimh ná aon fhundúireachtaí oideachais a bhaint díobh ach amháin le haghaidh oibreacha riachtanacha chun áise poiblí, agus sin tar éis cúiteamh a íoc leo.

      BUNTREORACHA DO BHEARTAS CHOMHDHAONNACH

      Airteagal 45

      Is mar ghnáth-threoir don Oireachtas a ceapadh na bunrialacha do bheartas chomhdhaonnach atá leagtha amach san Airteagal seo. Is ar an Oireachtas amháin a bheidh sé de chúram na bunrialacha sin a fheidhmiú i ndéanamh dlíthe, agus ní intriailte ag Cúirt ar bith ceist i dtaobh an fheidhmithe sin faoi aon fhoráil d'fhorálacha an Bhunreachta seo.

      1. Déanfaidh an Stát a dhícheall chun leas an phobail uile a chur chun cinn trí ord chomhdhaonnach, ina mbeidh ceart agus carthanacht ag rialú gach forais a bhaineas leis an saol náisiúnta, a chur in áirithe agus a chaomhnú chomh fada lena chumas.
      2.  
      3. Déanfaidh an Stát, go sonrach, a bheartas a stiúradh i slí go gcuirfear in áirithe:

        i. Go bhfaighidh na saoránaigh (agus tá ceart acu uile, idir fhear is bean, chun leorshlí bheatha), trína ngairmeacha beatha, caoi chun soláthar réasúnta a dhéanamh do riachtanais a dteaghlach.

        ii. Go roinnfear dílse agus urlámhas gustail shaolta an phobail ar phearsana príobháideacha agus ar na haicmí éagsúla sa chuma is fearr a rachas chun leasa an phobail.

        iii. Go sonrach, nach ligfear d'oibriú na saoriomaíochta dul chun cinn i slí go dtiocfadh de an dílse nó an t-urlámhas ar earraí riachtanacha a bheith ina lámha féin ag beagán daoine chun dochair don phobal.

        iv. Gurb é leas an phobail uile is buanchuspóir agus is príomhchuspóir a rialós ina mbaineann le hurlámhas creidmheasa.

        v. Go mbunófar ar an talamh faoi shlándáil gheilleagrach an oiread teaghlach agus is féidir de réir chor an tsaoil.

      4. 1° Féachfaidh an Stát le fonn ar thionscnamh phríobháideach i gcúrsaí tionscail is tráchtála agus cuirfidh leis nuair is gá sin.

        2° Déanfaidh an Stát iarracht chun a chur in áirithe go stiúrfar fiontraíocht phríobháideach i slí gur deimhin go ndéanfar earraí a tháirgeadh agus a imdháil le hinniúlacht réasúnta agus go gcosnófar an pobal ar bhrabús éagórach.

         
      5. 1° Gabhann an Stát air féin cosaint sonrach a dhéanamh ar leas gheilleagrach na n-aicmí is lú cumhacht den phobal agus, nuair a bheas riachtanas leis, cabhair maireachtála a thabhairt don easlán, don bhaintreach, don dílleacht agus don sean.

        2° Déanfaidh an Stát iarracht chun a chur in áirithe nach ndéanfar neart agus sláinte lucht oibre, idir fheara is mná, ná maoth-óige leanaí a éagóradh, agus nach mbeidh ar shaoránaigh, de dheasca uireasa, dul le gairmeacha nach n-oireann dá ngné nó dá n-aois nó dá neart.

         

      AN BUNREACHT A LEASÚ

      Airteagal 46

      1. Is cead foráil ar bith den Bhunreacht seo a leasú, le hathrú nó le breisiú nó le haisghairm, ar an modh a shocraítear leis an Airteagal seo. 
      2. Gach togra chun an Bunreacht seo a leasú ní foláir é a thionscnamh i nDáil Éireann ina Bhille, agus nuair a ritear nó a mheastar a ritheadh é ag dhá Theach an Oireachtais ní foláir é a chur faoi bhreith an phobail le Reifreann de réir an dlí a bheas i bhfeidhm i dtaobh an Reifrinn in alt na huaire. 
      3. Ní foláir a lua i ngach Bille den sórt sin é a bheith ina "Acht chun an Bunreacht a leasú". 
      4. Aon Bhille ina mbeidh togra nó tograí chun an Bunreacht seo a leasú ní cead togra ar bith eile a bheith ann. 
      5. Aon Bhille ina mbeidh togra chun an Bunreacht seo a leasú ní foláir don Uachtarán a lámh a chur leis láithreach, ar mbeith sásta dó gur comhlíonadh forálacha an Airteagail seo ina thaobh agus gur thoiligh an pobal go cuí leis an togra sin de réir forálacha alt 1 d'Airteagal 47 den Bhunreacht seo, agus ní foláir don Uachtarán é a fhógairt go cuí ina dhlí.

      AN REIFREANN

      Airteagal 47

      1. Gach togra a dhéantar chun an Bunreacht seo a leasú agus a chuirtear faoi bhreith an phobail le Reifreann, ní foláir a mheas, chun críche Airteagal 46 den Bhunreacht seo, go dtoilíonn an pobal leis an togra sin má tharlaíonn, tar éis é a chur mar sin faoi bhreith an phobail, gur ar thaobh é a achtú ina dhlí a thugtar tromlach na vótaí a thugtar sa Reifreann sin. 
      2. 1° Gach togra, nach togra chun leasaithe an Bhunreachta, a chuirtear faoi bhreith an phobail le Reifreann ní foláir a mheas go ndiúltaíonn an pobal dó más in aghaidh é a achtú ina dhlí a thugtar tromlach na vótaí a thugtar sa Reifreann sin, agus nach lú an méid vótaí a thugtar amhlaidh in aghaidh é a achtú ina dhlí ná cion trí tríochad is trian faoin gcéad de líon na dtoghthóirí atá ar an rolla.

        2° Gach togra, nach togra chun leasaithe an Bhunreachta, a chuirtear faoi bhreith an phobail le Reifreann ní foláir a mheas, chun críocha Airteagal 27 den Bhunreacht seo, go dtoilíonn an pobal leis mura ndiúltaíd dó de réir forálacha an fho-ailt sin romhainn den alt seo.

         
      3. Gach saoránach ag a bhfuil sé de cheart vótáil i dtoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann tá sé de cheart aige vótáil i Reifreann. 
      4. Faoi chuimsiú na nithe réamhráite is le dlí a rialófar an Reifreann.

        BUNREACHT SHAORSTáT ÉIREANN A AISGHAIRM AGUS DLÍTHE A BHUANÚ

        Airteagal 48

        An Bunreacht a bheas i bhfeidhm do Shaorstát Éireann díreach roimh lá an Bunreacht seo a theacht i ngníomh agus an tAcht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922, sa mhéid go mbeidh an tAcht sin nó aon fhoráil de i bhfeidhm an uair sin, aisghairtear leis seo iad agus beid aisghairthe an lá sin agus as sin amach.

        Airteagal 49

        1. Gach uile chumhacht, feidhm, ceart agus sainchumas a bhí inoibrithe i Saorstát Éireann nó i dtaobh Shaorstát Éireann díreach roimh an 11ú lá de Mhí Nollag, 1936, cibé acu de bhua an Bhunreachta a bhí i bhfeidhm an uair sin é nó nach ea, ag an údarás ag a raibh cumhacht chomhallach Shaorstát Éireann an uair sin, dearbhaítear leis seo gur leis an bpobal iad uile.

        2. Ach amháin sa mhéid go ndéantar socrú leis an mBunreacht seo, nó go ndéanfar socrú ina dhiaidh seo le dlí, chun go n-oibreofar, le haon organ dá mbunaítear leis an mBunreacht seo, aon chumhacht, feidhm, ceart nó sainchumas díobh sin, achtaítear leis seo nach dleathach agus nach féidir na cumhachtaí, na feidhmeanna, na cearta, agus na sainchumais sin a oibriú sa Stát nó i dtaobh an Stáit ach amháin ag an Rialtas nó le húdarás an Rialtais.

        3. Is é an Rialtas is comharba ar Rialtas Shaorstát Éireann i gcás gach maoine, sócmhainne, cirt agus féichiúnais.

        Airteagal 50

      1. Na dlíthe a bheas i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh lá an Bunreacht seo a theacht i ngníomh leanfaid de bheith i lánfheidhm agus i lánéifeacht, faoi chuimsiú an Bhunreachta seo agus sa mhéid nach bhfuilid ina choinne, go dtí go n-aisghairtear nó go leasaítear iad nó aon chuid díobh le hachtú ón Oireachtas. 
      2. Dlíthe a bheas achtaithe roimh an mBunreacht seo a theacht i ngníomh agus a mbeidh luaite iontu iad do theacht i bhfeidhm dá éis sin, tiocfaid i bhfeidhm de réir mar a luaitear iontu mura n-achtaí an tOireachtas a mhalairt.
       
      Dochum Glóire Dé

      agus

      Onóra na hÉireann